Annie Fletcher, Director of IMMA, A woman with short blonde hair, wearing a black outfit, looking upwards with a thoughtful expression, standing in a softly lit indoor space.

Teachtaireacht ón Stiúrthóir IMMA

Is cinnte gur bliain shuntasach ab ea 2023 le haghaidh Áras Nua-Ealaíne na hÉireann. Le taispeántais dhomhanda den chéad scoth, cláir dhinimiciúla agus chuimsitheacha agus an líon is mó riamh de chuairteoirí, bliain a bhí ann a spreag an-bhród i ngach duine in IMMA.

Bhí dream láidir ban ag croílár Chlár IMMA le haghaidh 2023. I rith na bliana, d’óstáil IMMA sraith de thaispeántais nuálacha aonair le healaíontóirí beo, a chuimsigh coimisiúin nua chomh maith le taispeántais iardhearcacha I measc na mbuaicphointí bhí Patricia Hurl: Irish Gothic, Sarah Pierce: Scene of a Myth, Howardena Pindell: A Renewed Language, Jo Baer: In the Land of Giants, and Anne Madden: Seven Paintings. Rinneadh na taispeántais sin a chomhlánú le cainteanna agus léachtaí leis na healaíontóirí, caomhnóirí agus scoláirí a gcuid saothar.

A group of people assembling or disassembling an art installation inside a gallery space, working with various materials scattered on the floor. They appear to be collaborating on the structure.

Amharc suiteála, Sarah Pierce, Saothar Ealaíne sa Tríú Duine, 2009.
Mar chuid den taispeántas Sarah Pierce, Radharc an Mhiotais ag IMMA, Baile Átha Cliath, 2023.
Grianghraf Ros Kavanagh.
Íomhá le caoinchead an ealaíontóra agus an IMMA

Le blianta beaga anuas, tá ceannródaíocht déanta ag IMMA ar shraith de thaispeántais bunaithe ar thaighde. Leis na taispeántais sin féachtar chuig aghaidh a thabhairt ar na treochtaí agus na haistrithe frithchosúla i gcultúr an lae inniu, agus úsáid a bhaint as an ealaíon chun na hathruithe sin a chur i gcomhthéacs agus ár dtuiscint a dhoimhniú ar shaol na haimsire inniu agus an domhan sa lá atá inniu ann. Leis an taispeántas is deireanaí sa tsraith seo, Self-Determination: A Global Perspective, tháinig deireadh le tionscadal taighde trí-bliana inar díríodh ar na náisiúnstáit nua a tháinig chun cinn tar éis an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Rinne an taispeántas, ceann de na taispeántais is mó i stair IMMA, athdhearbhaíodh gealltanas an mhúsaem chun tuairimíocht chriticiúil, plé agus tuiscint a chothú. Tharraing an taispeántas ollmhór sin, a bhí tacaithe ag gealltanas tiomnaithe fhoireann IMMA, clúdach PR náisiúnta agus idirnáisiúnta le tionchar de níos mó ná 20 milliún, a leag béim ar an tionchar domhanda agus ar acmhainn ár gcuid saothair.

In 2023, i dteannta le Gailearaí Ealaíne Crawford, fuair IMMA breis is 100 saothar ealaíne comhaimseartha don Bhailiúchán Náisiúnta, agus é tacaithe ag leithdháileadh €1.5m ón Roinn Turasóireachta, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Chuimsigh na héadálacha sin péinteáil, dealbhóireacht, grianghrafadóireacht, suiteáil, saothair ar pháipéir, saothair meán digiteach, agus teicstílí, le healaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta araon. Déileálann na saothair le saincheisteanna práinneacha mar athrú aeráide, éagsúlacht agus imirce dhomhanda, agus cinntítear go ndéantar ionadaíocht anois ar ealaíontóirí ceannródaíocha a bhí ar iarraidh ón mBailiúchán Náisiúnta agus go dtacaíonn siad le mian IMMA, mar atá Bailiúchán cáiliúil a fhorbairt, a chuireann cleachtas ealaíne na hÉireann i gcomhthéacs a gcuid piaraí idirnáisiúnta.

Art installation featuring multiple screens displaying portraits, with a suspended curtain of lights in a dark galley space.

Amharc suiteála, Sarah Pierce, Saothar Ealaíne sa Tríú Duine, 2009.
Mar chuid den taispeántas Sarah Pierce, Radharc an Mhiotais ag IMMA, Baile Átha Cliath, 2023.
Grianghraf Ros Kavanagh.
Íomhá le caoinchead an ealaíontóra agus an IMMA

Ina theannta sin, fuair IMMA dhá shaothar mór le Brian O’Doherty, sular bhásaigh sé, ar an drochuair i mí na Samhna 2022. Tá an-áthas ar IMMA go bhfuil méadú déanta aige ar an líon saothar atá aige leis an ealaíontóir agus an intleachtóir Éireannach ceannródaíoch sin a bhfuil a chuid saothar ábhartha fós ar fud an domhain.

Le tacaíocht airgeadais agus comhar mór ón Roinn, fuair IMMA Bailiúchán Weltkunst don náisiún, agus é déanta suas de bhreis is 300 saothar ar pháipéar lena gclúdaítear réimse leathan de chleachtas domhanda tábhachtach ó dheireadh an 20ú haois. Tá an corp mór saothar sin a tugadh ar dtús mar iasacht fhadtéarmach, ina chuid thábhachtach de bhailiúchán oibre IMMA ó lár na 90idí, agus táimid fíorbhuíoch fios a bheith againn go bhfuil an corp saothar sin faighte againn go brách.

Gné spreagúil nua de IMMA in 2023 ab ea Mol Cruthaitheachta Matheson, i gcuimhne ar Tim Scanlon. Is í aidhm an spáis bhríomhair nua sin sa phobal, agus é tacaithe ag Matheson LLP, rannpháirtíocht chruthaitheach a spreagadh agus nascacht shóisialta a chothú do lucht sprice de gach aois. Dhear buaiteoirí ár gcomórtas idirnáisiúnta ailtireachta, na healaíontóirí Dúitseacha Makkink agus Bey, spás iontach ina chuirtear timpeallacht fháilteach agus chuimsitheach ar fáil do chuairteoirí chun cleachtais ealaíne a fhiosrú agus bheith páirteach iontu. Ba iontach a fheiceáil go mbíonn an spás curtha in áirithe i gcónaí le haghaidh gníomhaíochtaí ó osclaíodh é, agus táim fíorbhuíoch dár gcomhpháirtithe Matheson, as a dtacaíocht bhuan don IMMA agus don timpeallacht chultúrtha in Éirinn.
In 2023, thug IMMA faoi mhisean chun plé leis an lucht sprice a mhéadú, agus ábhar bróid dom é a fhógairt gur éirigh lenár gcuid iarrachtaí. Ba í 2023 an bhliain ba ghnóthaí a bhí againn go fóill agus fáilte curtha roimh 630,000 cuairteoir. Is ionann an éacht suntasach sin agus méadú 10% ón mbliain roimhe, agus fianaise é sin ar thiomantas agus ghealltanas ár gcuid foirne go léir.

I mí Mheán Fómhair, d’óstáil muid den dara huair an Fhéile bhliantúil Earth Rising – féile ceithre lá d’imeachtaí saor in aisce inar fhéachadh chuig aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide trí mheán na healaíne chomh maith le gníomhaíocht agus cruinniú le chéile. Chuir an fhéile fáilte roimh breis is 16, 500 cuairteoir, ba ionann sin agus méadú 84% ón mbliain roimhe, agus taispeánadh acmhainn an léiriú ealaíne chun bunathrú a dhéanamh trí fheasacht a chothú agus athrú a spreagadh.

I rith an tsamhraidh, cuireadh beocht inár músaem le IMMA Lasmuigh, nuair a pléadh le pobail agus ár láithreán 48-acra curtha i ngníomh le breis is 150 imeacht. Mar thoradh ar an gclár dinimiciúil sin chomh maith le feachtas daingean cumarsáide, agus iad tacaithe ag an tionscnamh rialtais an ‘Meitheal Oibre Oíche’, tháinig méadú 16% ar an lucht freastail i gcomparáid leis an mbliain roimhe.

Bhí an-áthas orainn ár straitéis nua cúig bliana 2024– 2028 dar teideal “A Creative Catalyst for Change,” a fhoilsiú, ina leagtar amach misean dána le haghaidh IMMA mar an ionad cultúrtha is dinimiciúla agus is fáiltí in Éirinn. Ag croílár ár bhfíse tá ár ngealltanas chun ealaín an lae inniu a bhailiú agus a chur i láthair agus muid féin a shuíomh mar cheannaire domhanda i gcleachtas ealaíne an lae inniu.

Sprioc spreagúil le haghaidh IMMA atá i gceist leis an bplean straitéiseach sin, agus é ag soláthar treochláir le haghaidh ár dturas ar feadh na gcúig bliana atá le teacht. Fianaise é ar ár ngealltanas chun nuálaíochta, cruthaitheachta, agus feabhais inár gcuid oibre go léir. Tá an straitéis sin bunaithe ar cheithre cholún:

  • A Catalyst for Change – ina bhfuil IMMA mar spás a fheidhmíonn mar spreagadh le haghaidh athrú cruthaitheach agus a nascann pobail chun todhchaí chomhroinnte a shamhlú.
  • Spás Poiblí ó bhonn – ina nglactar leis an éagsúlacht mar chonair chuig cruthaitheacht agus rannpháirtíocht mar chuid den saol poiblí.
  • Lárionad Taighde & Nuálaíochta – ina bhfuil IMMA ina áit atá dinimiciúil ó thaobh na hintleachta, agus é ina léiriú beo ar ár bhféiniúlacht chultúrtha, ar an am atá thart agus an todhchaí.
  • Nascóir Domhanda  – ina fhéachann IMMA chuig láithreacht chruthaitheacht fhíse na hÉireann agus meas uirthi a mhéadú ar fud an domhain agus cleachtas idirnáisiúnta suntasach a thógáil chuig ár dtír.

Ní fhéadfaí aon éacht in 2023 a bhaint amach murach iarrachtaí seasta fhoireann IMMA. Is mór an phribhléid dom a bheith mar cheannaire ar fhoireann dhíograiseach mar seo agus gach ball foirne tar éis an treo uaillmhianach ata leagtha amach dúinn a ghlacadh chucu féin le fonn. Ní fhéadfaí déanamh gan an fuinneamh cruthaitheach a chaith siad le teacht ar bhealaí nua agus nuálacha lenár gclár a chur i láthair agus béim a chur ar a thábhachtaí is atá sí chun tuiscint a fháil ar an saol ina mairimid, chomh maith leis an todhchaí a bhfuil sé mar ardaidhm againn a bhaint amach.

Leagaim an-luach ar agus táim an-bhuíoch as tacaíocht ár mBoird, a thug orainn bogadh ar aghaidh lena thiomantas buan dár misean. Ina theannta sin, tá an t-ádh linn Oifig na n-Oibreacha Poiblí a bheith againn mar chomhpháirtí, a chuireann le cruthú spáis ina mheasctar tábhacht stairiúil ár gcuid foirgneamh agus tailte iontacha agus tábhacht na healaíne sa lá atá inniu ann agus ról an mhúsaem ealaíne sa lá atá inniu ann. Anuas air sin, is í an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an comhpháirtí is tábhachtaí dár gcuid, agus treoir agus tacaíocht á cur ar fáil aici atá ríthábhachtach chun ár mian a chomhlíonadh.

Ag breathnú ar aghaidh go 2024, lenár straitéis nua cúig-bliana “A Creative Catalyst for Change,” leagtar amach fís dhána le haghaidh IMMA mar ionad cultúrtha dinimiciúil agus fáilteach. Agus muid ag bogadh ar aghaidh táimid geallta fós chun nuálaíochta, cruthaitheachta agus feabhais, a mhúnlóidh todhchaí na healaíne nua-aimseartha in Éirinn agus níos faide anonn.

Ónár gcnoc i gCill Mhaighneann a bhfuil tábhacht stairiúil agus straitéiseach ag baint léi tá súil againn fáilte a chur romhat go bliain d’ealaíon spreagúil, de cheangail luachmhara, agus d’eispéiris a leagann lorg láidir.

Le dea-mhéin,

Annie Fletcher
Stiúrthóir