A portrait of a woman with shoulder-length curly hair wearing a light blue blouse with a bow and black trousers. She is smiling and standing in front of a bright yellow backdrop, her hands casually in her pockets.

Brollach an Chathaoirligh

Tá áthas orm an tuarascáil bhliantúil seo a roinnt le haghaidh bliana thar a bheith bríomhar agus rathúil i stair an IMMA.

Ba mhór an onóir dom dul le Bord IMMA i mí Eanáir 2023, i dteannta le triúr duine den scoth: Mike Fitzpatrick. Jess Majekodunmi agus Sinead O’Sullivan. Saibhríodh ár mBord lena gcuid eispéireas agus scileanna éagsúla, agus cuireann siad leis na comhaltaí reatha Mary Apied, Gerard Byrne, John Cunningham, Dermod Dwyer, Margot Lyons agus Eva Kenny. I rith na bliana, d’fhágamar slán le comhalta an Bhoird Emma Goltz, a raibh tionchar buan ag a cuid oibre thar a bheith luachmhar le deich mbliana anuas, a saineolas ar an ealaíon chomhaimseartha agus a cuid ról ar na Coistí Bailiúchán & Éadálacha agus Airgeadais, Iniúchóireachta & Riosca.

I mí Lúnasa 2023, d’éirigh David Harvey as a ról mar Chathaoirleach tar éis ocht mbliana de sheirbhís thiomnaithe. Faoin cheannaireacht, chuaigh IMMA i ngleic le hathruithe agus dúshláin móra. Mar a chomharba, táim geallta chun cur leis na héachtaí sin, agus é mar aidhm go n-aithneofaí IMMA mar an institiúid chultúrtha is fáiltí agus is dinimiciúla in Éirinn.

Agus mé ag smaoineamh ar an mbliain atá thart, buaicphointe mór le linn mo thréimhse oibre g dtí seo ab ea cur le forbairt Straitéis IMMA 2024-28. Stiúrfar na cúig blianta atá romhainn le fís le haghaidh IMMA agus é ag daingniú agus a méadú a sheasaimh mar phríomhinstitiúidchomhaimseartha ealaíon in Éirinn agus ar fud an domhain, agus é ag infheistiú i dtodhchaí an taighde, an chleachtais agus na foghlama i ndáil leis na healaíona agus an campas i mBaile Átha Cliath 8 a chur i ngníomh chun eispéiris shóisialta, chultúrtha agus fóillíochta a chur ar fáil dóibh siúd go léir a bhfuil cónaí orthu in Éirinn nó a thugann cuairt uirthi. Tá an Bord geallta go hiomlán chun oibriú i ndlúthpháirt leis an bhfeidhmeannacht agus iad ag comhlíonadh na físe sin.

Bhain mé taitneamh agus chuaigh sé chun tairbhe dom oibriú leis an Stiúrthóir Anne Fletcher agus a foireann le bliain anuas. Tá tiomantas, fuinneamh agus cruthaitheach na foirne iomlán de chuid IMMA mar spreagadh dom féin agus don Bhord i gcónaí. Bíonn raon na dtaispeántas, na n-imeachtaí lasmuigh agus na n-ócáidí de chuid IMMA ag forbairt i gcónaí agus is léir an mothúchán sceitimíní agus bróid le gach fógra nua.

Ba iontach a fheiceáil gur lean IMMA ar aghaidh ag dul i méid i rith 2023 le clár méadaithe agus taispeántais spreagúla. Tháinig méadú 10% go 630,000 ar líon na gcuairteoirí ar an láithreán i mbliana, an líon bliantúil ab airde de chuairteoirí ó osclaíodh IMMA i 1991. D’fheabhsaíomar go mór bailiúchán nua IMMA agus saothair shuntasacha le healaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta faighte, agus muid i nGailearaí Crawford, Corcaigh chun infheistiú go straitéiseach i saothair ealaíne don bhailiúchán Náisiúnta atá faoi úinéireacht phoiblí.

Críochnaíodh ár gclár taispeántas le seoladh “Self-Determination: A Global Perspective” i mí na Samhna. Leis an taispeántas sin a thug ábhar machnaimh, fiosraíodh teacht chun cinn na náisiúnstát nua tar éis an Chéad Chogaidh Dhomhanda, Éire ina measc, agus iniúchadh déanta ar an gcaoi a gcuireann an ealaíon agus na healaíontóirí le féiniúlacht náisiúnta, forbairt náisiún agus státaireacht. Le saothair ealaíne thábhachtacha ó na bailiúcháin náisiúnta de chuid na Fionlainne, Laitvia, na hEastóine, na Polainne, na hÚcráine agus na Tuirce, rinneadh iniúchadh domhan leis an taispeántas ar an tréimhse ríthábhachtach sin sa stair.

Art installation featuring a red and black geometric mural and a series of landscape photographs displayed in a gallery.

Iz Öztat, Tar éis, 2016 – 2023. Amharc suiteála Féin-Chinneadh: Peirspictíocht Dhomhanda.
IMMA, Baile Átha Cliath 2023.
Grianghraf le Ros Kavanagh.

Ócáid bhródúil eile ab ea oscailt Mhol Cruthaitheachta Matheson i mí Dheireadh Fómhair. Bhíothas in ann an spás sin a bhfuil athchóiriú agus bonnathrú iontach déanta air a chur ar fáil le tacaíocht fhlaithiúil ó Matheson LLP i gcuimhne ar a n-iar-Chathaoirleach agus ar chomhalta Boird IMMA, Tim Scanlon. Fianaise é Mol Cruthaitheachta Matheson ar oidhreacht Tim Scanlon agus a ghealltanas chun rannpháirtíochta sa phobal agus cuimsitheacht sna healaíona. Tá an spás sin tagtha chun bheith ina áit uathúil do ghrúpaí oideachais, thurais scoile, thaibhléirithe ealaíontóra agus do phlé spreagúil le haghaidh gach aoisghrúpa.

Táimid buíoch as an tacaíocht leanúnach ónar Roinn, a mhaoinigh go leor tionscadal caipitil spreagúil eile in 2023, lenar áiríodh athdhearadh Café agus áit fháiltithe IMMA, a gcuireann an dá cheann go mór le heispéireas cuairteoirí ar IMMA. I rith na bliana, chuireamar fáilte mhór roimh Donal Reddington, Príomhoifigeach nua an Aonad Institiúidí Cultúrtha agus d’fhágamar slán go ceanúil leis an iar-Ard-Rúnaí Katherine Licken a chuaigh ar scor, agus Feargal O’Coigligh ag gabháil dá ról; agus duine aitheanta ag filleadh ar an bpunann Ealaíon & Cultúir.

A sculpture of a tall, thin hare with elongated ears, standing on two legs and holding a circular object in one hand. The sculpture is outdoors, with a historic building and a blue sky in the background.

Barry Flanagan, An Drumadóir, 1996.
Grianghraf le Elena Quintana

Táimid buíoch as ár ndlúth-chomhpháirtíocht lenár gcomhghleacaithe san OPW lena dhéantar cinnte go mbíonn fáilte roimh gach cuairteoir ar an láithreán iomlán, lena n-áirítear na gairdíní foirmiúla áille. Faoina stiúrthóireacht, lean oibreacha athchóirithe sa Sciathán Thuaidh ar aghaidh go gasta in 2023, agus an Halla Mór le hoscailt dá chéad ócáid phoiblí i mí Iúil 2024, nuair a óstálfar Lá Náisiúnta na gCuimhneachán. Beidh toradh fíorálainn ó thaobh físe ar na hoibreacha, agus léireofar stádas ard na bhfoirgneamh, agus dearbhófar arís seasamh an IMMA mar an tseoid is luachmhaire i measc na bhfoirgneamh stáit.

Sa deireadh, gabhaim buíochas ó chroí le Bord IMMA a thug tacaíocht dhaingean dom agus mé ag tabhairt faoin ról mar Chathaoirleach ar an institiúid urramach seo. Tugann na comhaltaí boird go léir a gcuid ama go flaithiúil chun tacú leis an bhfeidhmeannacht agus le cur i bhfeidhm na straitéise nua de chuid IMMA. Ba mhaith liom fáilte a chur, le buíochas, roimh Sinead O’Sullivan chuig a ról mar Chathaoirleach ar an gCoiste Airgeadais, Iniúchóireachta & Riosca, agus í ag teacht i ndiaidh Margot Lyons, a bhí dochloíte agus a bhfuilimid fíorbhuíoch di as a stiúrthóireacht den scoth. Soláthraíonn John Cunningham fós ceannaireacht dhíograiseach don Choiste Bailiúchán & Éadálacha, agus é ag féachaint thar ualach oibre mór lena n-áirítear Beartas nua Éadálacha a fhaomhadh agus saothair nua a chur leis an mBailiúchán le díograise agus grástúlacht.

Agus muid ag tabhairt aghaidhe ar 2024 i dteannta a chéile, le cur i bhfeidhm ár Straitéise 2024 – 2028 agus athoscailt an Sciatháin Thuaidh a bhfuiltear ag súil go mór léi, táimid ag súil le timpeallacht chultúrtha na hÉireann a shaibhriú níos mó.

Le dea-mhéin,

Ali Curran
Cathaoirleach