Ráiteas ar rialú inmheánaigh
Freagracht as Córas Rialaithe Inmheánaigh
Ar son Bhord Stiúrthóirí Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, admhaím ár bhfreagracht a chinntiú go ndéanfar córas rialaithe inmheánaigh a choinneáil agus a fheidhmiú. Tógann an fhreagracht seo na ceanglais sa Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú (2016) san áireamh.
Feidhm an Chóras Rialaithe Inmheánaigh
Ní féidir Córas Rialaithe Inmheánaigh faigh réidh le riosca, déantar é a dhearadh áfach, chun measúnuithe a dhéanamh maidir leis an timpeallacht riosca agus chun rioscaí a bhainistiú ag leibhéal a mheastar atá cuí. Ní féidir leis an gcóras ach teanntás réasúnta agus ní cinnte a sholáthair maidir le ráthaíocht sócmhainní, má tá idirbhearta ceadaithe agus taifead ceart déanta orthu, agus go ndéantar earráidí ábhartha a chosaint nó go mbraithfí orthu laistigh de thréimhse thráthúil.
Tá an córas rialaithe inmheánaigh, atá i gcomhréir leis an gcomhairle a d”eisigh an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh an PFN, agus Athchóirithe, i bhfeidhm in IMMA don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2023 agus suas le dáta formheasa na ráiteas airgeadais.
Cumas dul i ngleic le Riosca
Tá Coiste um Airgeadas, Iniúchóireacht agus Riosca (FARC) comhdhéanta de cheathrar comhalta ag deireadh na bliana a bhfuil saineolas airgeadais agus iniúchta acu. Is comhaltaí boird iad triúr as ceathrar díobh. Tháinig an FARC le chéile cúig huaire le linn 2023.
Bhunaigh an IMMA feidhm inmheánach iniúchta a reáchtálann clár oibre lena n-aontaíonn FARC. Is sainchomhairleoireacht sheachtrach é an t-Iniúchóir Inmheánach a bhfuil saineolais i mBainistíocht Riosca agus Próiseas Gnó acu. Is é FARC a leagann amach an clár oibre agus tá an Iniúchóir Inmheánach freagrach do Chathaoirleach an Choiste.
Tá beartas riosca forbartha ag an mBord ina leagtar amach an inghlacthacht riosca, na próisis bainistithe riosca atá i bhfeidhm agus ina sonraítear róil agus dualgais na foirne maidir le riosca. Eisíodh an beartas do gach ball foirne atá ag súil le bheith ag obair taobh istigh de chreat bainistíocht riosca IMMA, chun bainistíocht a chur ar an eolas maidir le rioscaí atá ag teacht chun cinn agus laigí a rialú agus freagracht a ghlacadh i leith rioscaí agus rialuithe taobh istigh dá réimse oibre féin.
Timpeallacht Riosca agus Rialaithe
Tá córas bainistíochta riosca curtha i bhfeidhm ag IMMA a dhéanann príomhrioscaí a aithint agus a thuairisciú agus an ghníomhaíocht bainistíochta a bhfuil á tógáil chun dul i ngleic leis na rioscaí sin agus chun iad a mhaolú.
Tá clár riosca i bhfeidhm lena sainaithinítear na príomhrioscaí a bhíonn os comhair an IMMA, agus déantar iad sin a shainaithint, a mheas agus a ghrádú de réir a dtábhachta. Déanann an Bord agus an FARC athbhreithniú ar an gclár ag gach cruinniú. Úsáidtear toradh na measúnuithe riosca chun acmhainní a phleanáil agus a leithdháileadh le cinntiú go ndéanfar rioscaí a bhainistiú go leibhéal cuí.
Déanann an FARC Athbhreithniú Bliantúil ar an Timpeallacht Riosca lena n-áirítear breithmheas tuarascálacha ón Iniúchóir Inmheánach, Ráitis Riosca ó aonaid feidhmíochta agus an Clár Riosca.
Sonraíonn an clár riosca na rialuithe agus gníomhaíochta ar ghá leo chun rioscaí a mhaolú agus freagracht d’fheidhmiú rialuithe a leagtar ar fhoireann áirithe. Dearbhaím go bhfuil timpeallacht leis na gnéithe seo a leanas i bhfeidhm:
- rinneadh doiciméadú ar nósanna imeachta do phríomhphróisis gnó;
- leagadh freagrachtaí airgeadais ag leibhéal bainistíochta a bhfuil cuntasaíocht comhfhreagrach ag gabháil leo;
- Tá córas buiséadaithe cuí a bhfuil buiséad bliantúil aige atá faoi bhreithniú ag bainistíocht shinsearach;
- tá córais ann atá dírithe ar shlándáil faisnéise agus córais cumarsáide teicneolaíochta a chinntiú; agus
- tá córais i bhfeidhm chun sócmhainní IMMA a chosaint.
Monatóireacht agus Athbhreithniú Leanúnach
Tá nósanna imeachta foirmiúla bunaithe chun monatóireacht a dhéanamh ar phróisis rialaithe agus déantar na daoine atá freagrach as gníomh ceartaitheach a dhéanamh a chur ar an eolas maidir le heasnaimh rialaithe mar aon le bainistíocht agus an Bord, nuair is cuí, ar bhealach tráthúil. Dearbhaím go bhfuil na córais monatóireachta seo a leanas i bhfeidhm:
- rinneadh príomhrioscaí agus rialuithe a aithint agus cuireadh próisis i bhfeidhm chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na príomhrialaithe sin agus aon easnaimh a aithníodh a thuairisciú.
- bunaíodh socruithe tuarascála ag gach leibhéal a leagadh freagracht do bhainistíocht airgeadais, agus
- déanann bainistíocht shinsearach athbhreithniú rialta ar fheidhmíocht thréimhsiúil agus bliantúil agus tuarascálacha airgeadais a léiríonn feidhmíocht i gcoinne buiséid/tuartha.
Soláthar
Dearbhaím go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm ag IMMA le comhlíontacht i leith rialacha soláthair agus treoirlínte a chinntiú agus le linn 2023, chomhlíon IMMA na nósanna imeachta sin.
Athbhreithniú Bliantúil na Rialuithe
Dearbhaím go bhfuil nósanna imeachta ag IMMA chun monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht a bhainistíochta riosca agus a nósanna imeachta rialuithe. Déanann monatóireacht agus athbhreithniú IMMA ar éifeachtacht an chórais rialaithe inmheánaigh eolas d’obair na n-iniúchóirí inmheánacha agus seachtracha, an Coiste um Iniúchóireacht agus Riosca a dhéanann maoirseacht ar a gcuid oibre, agus bainistíocht sinsearach taobh istigh den IMMA freagrach as forbairt agus coinneáil an Chreata rialaithe inmheánaigh.
Dearbhaím go ndearna an Bord athbhreithniú bliantúil ar éifeachtacht na rialuithe inmheánacha le haghaidh 2023 ar 13 Feabhra 2024.
Fadhbanna maidir le Rialú Inmheánach
Boilsciú – Is riosca ginearálta é an timpeallacht boilscithe sin do chumas IMMA chun a chlár leanúnach a mhaoiniú. Tá dlúthfhaireachán á dhéanamh ar an scéal agus déantar athbhreithniú ar thuartha ar bhonn leanúnach. Cé go bhfuil laghdú tagtha ar réamh-mheastacháin eacnamaíocha maidir le boilsciú ó ardleibhéil 2022 agus 2023, tá leibhéal luaineachta fós ag baint leis an ionchas, ionchas atá imithe in olcas mar gheall ar theagmhais dhomhanda. Leanann an IMMA le monatóireacht a dhéanamh ar na treochtaí boilscithe.
Ali Curran
Stiúrthóir
Dáta: 28 Meitheamh 2024