NÓTA DO NA RÁITIS AIRGEADAIS


1. EOLAS GINEARÁLTA AGUS BEARTAIS CHUNTASAÍOCHTA

a. CUIDEACHTA TEORANTA TRÍ RÁTHAÍOCHTA

Bunaíodh Áras Nua-Ealaíne na hÉireann faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 (arna athchur ag Acht na gCuideachtaí, 2014), tá ceann oifig aige in Ospidéal Ríoga Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath 8.
Maidir leis an gCuideachta, a ionchorpraíodh ar an 18 Aibreán 1985 faoi Acht na gCuideachtaí, 1963, is cuideachta faoi theorainn ráthaíocht é agus ní caithfidh sé caipitil a roinnt.

b. PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHT

Is é príomhghnó na Cuideachta ná bainistíocht agus forbairt Áras Nua-Ealaíne na hÉireann ag an Ospidéal Ríoga Cill Mhaighneann agus an tOspidéal Ríoga Cill Mhaighneann agus a thalamh a chur chun cinn mar ionad mór cultúrtha agus ealaíonta, atá inrochtana don phobal.

Is Eintiteas Leasa Poiblí é Áras Nua-Ealaíne na hÉireann.

c. RÁITEAS UM CHOMHLÍONADH

Ullmhaíodh ráitis airgeadais Áras Nua-Ealaíne na hÉireann don bhliain a dar críoch ar an 31 Nollaig 2022 i gcomhlíontacht leis an reachtaíocht chuí agus i gcomhréir le FRS102, an caighdeán tuarascála airgeadais cuí sa RA agus i bPoblacht na hÉireann eisithe ag an gComhairle Tuarascáil Airgeadais sa RA.

d. BONN ULLMHÚCHÁIN

Ullmhaíodh na ráitis airgeadais faoin gcoinbhinsiún costais stairiúil , seachas roinnt sócmhainní agus dliteanais a ndéantar tomhas orthu ag luach cóir mar a mhínítear sna beartais cuntasaíochta thíos. Tá na ráitis airgeadais san fhoirm a cheadaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán le comhchumaracht an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus ullmhaíodh iad, nuair is cuí, i gcomhlíontacht le ceanglais Acht na gCuideachtaí, 2014. Cuireadh na beartais chuntasaíochta seo a leanas i bhfeidhm go seasmhach maidir le plé le nithe a áirítear mar ábhar a bhaineann le ráitis airgeadais Áras Nua-Ealaíne na hÉireann.

Gnóthas Leanúnach

Tá tionchar tubaisteach ag an bpaindéim Covid-19 ar ioncam tráchtála an IMMA le dhá bhliain anuas. Rinne an IMMA an caillteanas ioncaim a fhritháireamh le coigiltis feidhmithe agus le roinnt tacaíochta breise ón Roinn. Déanann an Coiste um Airgeadas, Iniúchóireacht agus Riosca monatóireacht leanúnach Tá tionchar tubaisteach ag an bpaindéim Covid-19 ar ioncam tráchtála an IMMA le dhá bhliain anuas. Rinne an IMMA an caillteanas ioncaim a fhritháireamh le coigiltis feidhmithe agus le roinnt tacaíochta breise ón Roinn. Déanann an Coiste um Airgeadas, Iniúchóireacht agus Riosca monatóireacht leanúnach

BEARTAIS CHUNTASAÍOCHTA

Leagtar amach thíos bonn na cuntasaíochta agus beartais chuntasaíochta suntasacha ar ghlac Áras Nua-Ealaíne na hÉireann leo. Cuireadh iad ar fad i bhfeidhm go seasmhach le linn na bliana agus don bhliain roimhe sin.

e. Deontais

DEONTAIS AN OIREACHTAIS (Ioncam)

Aithnítear ioncam de ghnáth ar bhonn fabhraithe, eisceacht amháin a bhaineann leis seo is ea i gcás Dheontais Oireachtas Vótáilte a aithnítear ar bhonn fáltais airgid.

DEONTAIS AN OIREACHTAIS (Caipitil)

Déileálfar le deontais a leagtar d’éadáil saothair ealaíne mar chaipitil dheonaithe agus aistrítear iad go dtí an Cuntas Caipitil (Saothair Ealaíne). Tá deontais a leagtar do cheannach sócmhainní seasta inláimhsithe amúchta thar shaol na sócmhainne seasta ábhartha a ceannaíodh. Aithnítear deontais chaipitil ar bhonn fabhraithe.

IONCAM Ó GHNÍOMHAÍOCHTAÍ TRÁCHTÁLA

Cuirtear an t-ioncam ó Ghníomhaíochtaí Tráchtála na Cuideachta san áireamh ar bhonn fabhraithe agus déantar é a thuairisciú gan Cháin Bhreisluacha san áireamh.

URRAÍOCHT

Tá ioncam urraíochta creidiúnaithe don Ráiteas Ioncaim agus Caiteachais agus Cúlchiste Coimeádta Ioncaim sa bhliain inar thabhaíodh an caiteachas cuí. Sa chás inar iarchuireadh an caiteachas go tréimhse sa todhchaí, déanfar aon ioncam ábhartha a bhaineann leis an gcaiteachas sin a iarchur freisin.

IONCAM IARCHURTHA

Déanfar ioncam a iarchur sa chás ina mbaineann an ghníomhaíocht leis an ioncam nach bhfuil sceidealaithe le tarlú go tréimhse cuntasaíochta amach anseo.

f. CUNTAS CAIPITIL (Saothair Ealaíne)

Léiríonn Cuntas Caipitil (Saothar Ealaíne) an t-ioncam a leagadh d‘éadáil shaothair ealaíne agus luach na saothar a deonaíodh don Chuideachta faoi reachtaíocht Cánach.

g. MAOIN, GLÉASRA & TREALAMH

Léirítear maoin, gléasra agus trealamh ag dímheas carnach costas níos lú, coigeartaithe do sholáthar aon lagú. Gearrtar dímheas ar bhonn líne-dhíreach ag an ráta bliantúil mar a leagtar amach thíos, ionas go ndéanfar na sócmhainní a dhíscríobhadh, coigeartaithe do luach iarmharach measta thar an saolré ionchais.

Troscán, Feistithe & Trealamh 25% in aghaidh na bliana

Mótarfheithiclí 25% in aghaidh na bliana

Léiríonn luach iarmharach an méid measta a bhfaighfí faoi láthair ó dhiúscairt sócmhainne, i ndiaidh costas diúscartha measta a bhaint , más rud é go raibh aois bainte amach ag an tsócmhainn agus sa chaoi a mbeifí ag súil leis faoi dheireadh a saolré ionchais.

Má tá fianaise lagú oibiachtúil do luach na sócmhainne, aithnítear caillteanas lagú sa Ráiteas Ioncaim agus Caiteachais agus Cúlchiste Coimeádta Ioncaim sa bhliain.

h. SÓCMHAINNÍ OIDHREACHTA (Saothair Ealaíne)

Is cineál ealaíne iad gach saothar ealaíne a ndéantar taifead orthu sa Ráiteas maidir leis an Staid Airgeadais agus coinnítear iad go príomha dá n-ionchur maidir le faisnéis agus cultúr.

Tá foirgneamh an Ospidéil Ríoga agus aon láithreáin eile atá á bhfeidhmiú ag an IMMA faoi úinéireacht an Stáit agus déanann an Stát cothabháil orthu agus ní leis an gCuideachta iad.

Nochtadh:

i) Cineál agus scála na sócmhainní oidhreachta i seilbh IMMA.

Tá Bailiúchán Náisiúnta ealaín nua-ealaín agus ealaín chomhaimseartha in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, a bhfuil 4,400 saothar ann atá rangaithe de réir na mórtheidil seo a leanas:

  • Ealaín Ghrafach & Grianghrafadóireacht – tagraíonn seo do shaothar déthoiseacha ar dhromchla mín amhail priontaí, líníochtaí agus grianghrafadóireacht.
  • Pictiúir – péint a chur ar dhromchla soladach amhail canbhás, clár nó línéadach
  • Dealbhóireacht – ábhair thríthoiseacha
  • Suiteáil – saothair thríthoiseacha atá sonrach do shuíomh de ghnáth agus déantar iad a dhearadh chun braistint spáis a athrú. Is minic a bhíonn saothair chlosamhairc san áireamh anseo chun spás a athrú
  • Meáin Nua/eile – lena n-áirítear ealaín dhigiteach, ríomhghrafaic, ríomhbheochan/i measc cineálacha meáin eile tá taipéis, saothar le ilmheáin agus cartlann IMMA Meáin Ambhunaithe.

Tá an bailiúcháin bunaithe go láidir ar an aimsir láithreach agus cuirtear saothair thábhachtacha nua leis an mbailiúchán go bliantúil. Cuirtear ár mbailiúchán de nua-ealaín chun cinn go rialta le ceannach, coimisiún, tabhartas nó iasacht le béim áirithe ar shaothar ó na 1940idí ar aghaidh.

ii) An beartas maidir le héadáil, caomhnú, bainistiú agus diúscairt sócmhainní oidhreachta.

Bunaíodh Áras Nua-Ealaíne na hÉireann mar chuideachta faoi theorainn ráthaíocht agus gan scairchaipiteal aige faoi Acht na gCuideachtaí, 1963. Is Institiúid Náisiúnta Cultúrtha sinn faoi choimirce an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán.

Éadáil.

Is é Bailiúchán IMMA an Bailiúchán Náisiúnta Nua-Ealaíne agus Ealaín Comhaimseartha agus tá IMMA ag bailiú faoi láthair. An sainchúram atá aige ná ealaín an lae inniu agus amach anseo a bhailiú, príomhfhorbairtí i gcultúr físeach comhaimseartha a léiriú agus iad a choimeád san fhearann poiblí do na glúnta amach romhainn.

Tabhartas.

Caithfidh an Stiúrthóir agus Ceannaire na mBailiúchán gach tabhartas saothair a fhormheas le haghaidh éadála ar dtús sula gcuirtear os comhair an Choiste um Bailiúcháin agus Éadálacha iad.

Ceannach.

Caithfidh an Stiúrthóir agus Ceannaire na mBailiúchán gach ceannach saothair a fhormheas le haghaidh éadála ar dtús sula gcuirtear os comhair an Choiste um Bailiúcháin agus Éadálacha iad. Tá sé faoi rogha an Stiúrthóra saothair a cheannach suas le luach áirithe.

Caomhnú & Bainistíocht.

Déanann IMMA monatóireacht ar, agus i bhformhór na gcásanna, déantar rialú gníomhach ar an timpeallacht (teocht, bogthaise, leibhéil soilse) chun go ndéanfar fad a chur le saolré na sócmhainní. Téann an IMMA i dteagmháil le saineolaithe caomhnaithe nuair is gá. Déantar na saothair ealaíne a thaispeáint go poiblí ar bhonn sealaíochta i gclár poiblí IMMA. Is féidir breathnú ar shaothair aonair i stórais trí réamhchoinne.

Diúscairt.

Ní dhéanann IMMA aon saothar a dhiúscairt ar mhaithe brabúis airgid. I gcúinsí eisceachtúla, má tá saothar ealaíne lagaithe thar shlánú (i.e. ní féidir é a chaomhnú), baintear an saothar ealaíne ón mbunachar sonraí agus dí-fhorshealbhaítear é.

iii) iii) Na Beartais cuntasaíochta a nglactar leo do shócmhainní oidhreachta lena n-áirítear sonraí maidir le boinn tomhais a úsáideadh.

Sealbhaíonn an Músaem saothair ealaíne trí réimse meán;

  1. Tabhartas faoi Alt 1003 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.
  2. Saothair Ealaíne Deonaithe
  3. Saothair Ealaíne Ceannaithe.

Is é seo a leanas an Luach atá sannta don tsócmhainn ag tráth na héadála:

a) Tabhartas faoi Alt 1003 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

Féadfar dliteanais chánacha a shocrú trí thabhartas earra oidhreachta tábhachtach do bhailiúchán náisiúnta sainithe ar chuntar go mbainfear coinníollacha áirithe amach. Déantar an luach margaidh a mheas ag tráth an tabhartais.

b) Saothair Ealaíne Deonaithe.

Déanann saineolaí inmheánach iad seo a luacháil ag tráth na héadála bunaithe ar shaothair ealaíne comparáideacha agus fachtóirí margaidh seachtracha.

c) Saothair Ealaíne Ceannaithe.

Déantar iad seo a luacháil ag costas na héadála. Ní reáchtálann an músaem luacháil bliantúil agus mar thoradh air seo, tá saothar ealaíne arna sealbhú ag costas na héadála.

d) Athbhreithiú Lagaithe

Ní athraítear luach aon saothair ag luaineachtaí luacha sa mhargadh. Déanann an músaem athbhreithniú ar chaoi gach saothar ealaíne nuair a théann siad ar iasacht nó ar thaispeántas poiblí.

iv) Tá Sócmhainní Oidhreachta san áireamh sa Ráiteas maidir leis an Staid Airgeadais.

v) Tá Sócmhainní Oidhreachta taifeadta sa Ráiteas maidir leis an Staid Airgeadais foilsithe i Nóta 11.

Foilsíodh i Nóta 11, achoimre ar na hidirbhearta a bhaineann le sócmhainní oidhreachta a léiríonn costas agus luach na sócmhainní a sealbhaíodh sa tréimhse i ngach catagóir mar a sonraíodh.

i. FARDAL

Tá fardal sonraithe ag íseal costais agus ag glanluach inréadaithe. Déantar glanluach inréadaithe a shainiú mar an praghas díolta measta lúide na costais uile atá le thabhú sa mhargaíocht, díol agus dáileadh..

j. CÁIN

Tá an Chuideachta díolmhaithe ó Cháin Chorparáide faoi Sceideal 4, Alt 227 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

k. COSTAIS SOCHAIR SCOIR

Tá scéim sochair scoir sainithe á feidhmiú ag an Músaem atá maoinithe go bliantúil ar bhonn íoctar mar a úsáidtear ó airgead atá ar fáil chuige, lena n-áirítear airgead a soláthraíonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán.

Léiríonn costais pinsin sochair pinsin a thuill fostaithe sa tréimhse agus léirítear iad glan ó ranníocaíocht pinsin foirne a déileáiltear leo mar in-aisíoctha don Roinn i gcomhréir le socruithe airgeadais. Aithnítear méid a chomhfhreagraíonn don táille pinsin mar ioncam a mhéid go bhfuil sé in-aisghabhála agus go ndéantar é a fhritháireamh trí dheontas a fhaightear sa bhliain chun íocaíochtaí pinsin a ghlanadh.

Tá Scéim Pinsean Aonair na Seirbhíse Poiblí (Scéim Singil) á feidhmiú ag an IMMA freisin, atá ina scéim sochair sainithe d‘fhostaithe sa tseirbhís phoiblí inphinsin ar nó i ndiaidh 1 Eanáir 2013. Déanfar ranníocaíochtaí comhaltaí Scéime Singil a íoc trasna go dtí an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Léirítear gnóthachain nó caillteanais á n-ardú ar dhliteanais sa Ráiteas Ioncaim Chuimsithigh agus aithnítear coigeartú sa mhéid in-aisghabhála ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán.

Léiríonn na Ráitis Airgeadais, ag luach cóir, na sócmhainní agus na dliteanais ag eascairt ó oibleagáidí pinsin Áras Nua-Ealaíne na hÉireann agus aon mhaoiniú lena mbaineann, agus aithníonn siad na costais a bhaineann le sochair scoir a sholáthar sna tréimhsí cuntasaíochta ina dtuilleann fostaithe iad. Déantar dliteanais scéim sochair scoir a thomhas ar bhonn achtúireach ag úsáid as modh na n-aonad réamh-mheasta creidmheasa.

l. BREITHIÚNAIS AGUS MEASTACHÁIN CUNTASAÍOCHTA CRITICIÚLA

Éilíonn ullmhúcháin na ráitis airgeadais go ndéanann bainistíocht breithiúnais, meastacháin agus foshuíomhanna a bhfuil tionchar acu ar na méideanna a ndéantar tuarascáil orthu do shócmhainní agus dliteanais de réir an dáta tuarascála agus na méideanna a ndéantar tuarascáil orthu d‘ioncaim agus costais le linn na bliana. É sin ráite, ciallaíonn cineál an mheastacháin go bhféadfadh na torthaí iarbhír a bheith difriúil ó na meastacháin sin. Bhí an tionchar is mó ag na breithiúnais seo a leanas ar mhéideanna a aithníodh sna ráitis airgid.

a) Lagú Saothar Ealaíne

Reáchtálann an Músaem athbhreithniú lagaithe bliantúil ar a Shaothar Ealaíne. Ní athraítear luach aon saothair ag luaineachtaí luacha sa mhargadh. Déanann an músaem athbhreithniú ar chaoi gach saothar ealaíne nuair a théann siad ar iasacht nó ar thaispeántas poiblí. Ina theannta seo, tá nósanna imeachta i bhfeidhm d‘fhíorú fisiciúil iomlán gach cúig bliana i gcomhréir le cleachtas músaem caighdeánach. Tá athbhreithniú ar chaoi na saothar sin i gceist leis an bhfíorú seo. D’aithneofaí caillteanas lagaithe más rud é go raibh saothar ealaíne lagaithe thar shlánú, i.e. ní féidir é a chaomhnú. Déanfar an saothar ealaíne a bhaint den bhunachar sonraí agus déanfar é a dí-fhorshealbhú. Ní reáchtálann an músaem luacháil bliantúil agus mar thoradh air seo, tá saothar ealaíne arna sealbhú ag costas na héadála. Ní athraítear luach aon saothair ag luaineachtaí luacha sa mhargadh. Ní raibh aon riachtanas do chaillteanas lagaithe ag dáta na tuarascála.

b) Lagú maoine, Gléasra agus Trealaimh

Déantar athbhreithniú do lagú ar shócmhainní atá faoi réir amúchta nuair a léiríonn imeachtaí nó athruithe ar imthosca ní fhéadfar an méid sealbhaithe a bheith in-aisghabhála. Aithnítear caillteanas lagaithe don mhéid ina sáraíonn méid sealbhaithe na sócmhainne a méid in-aisghabhála. Ní raibh aon aithint lagaithe ag dáta na tuarascála.

c) Dímheas agus Luachanna Iarmharacha

Rinne na stiúrthóirí athbhreithniú ar shaolré na sócmhainní agus luachanna iarmharacha gaolmhara gach aicme sócmhainne seasta, agus go háirithe, an saolré ionchais agus luachanna iarmharacha daingneáin agus feistis agus thángthas ar an gconclúid go bhfuil saolré sócmhainní agus luachanna iarmharacha cuí.

d) Oibleagáidí Sochair Scoir

Déantar foshuíomhanna a bhaineann leis na luachálacha achtúireacha ina ndéantar na méideanna a aithint sna ráitis airgeadais a chinneadh (lena n-áirítear rátaí lascaine, rátaí maidir le méadú i leibhéil cúitimh sa todhchaí, agus déantar rátaí báis a nuashonrú go bliantúil bunaithe ar choinníollacha geilleagrach reatha, agus d’aon athruithe ábhartha do théarmaí agus do choinníollacha an phinsin agus pleananna i ndiaidh scoir.

Féadfar tionchar a bheith ar na foshuíomhanna trí:

  1. An ráta lascaine, athruithe sa ráta fáltais ar bhannaí corparáide ardchaighdeánacha.
  2. ii) Leibhéil cúitimh amach anseo, coinníollacha margadh saothair amach anseo.

2) BARRACHAS DON BHLIAIN

Sonraítear an barrachas tar éis gearrtha:

 20222021
 

Luach saothair na n-iniúchóirí

23,500

23,500

Amúchadh Deontais Chaipitil

(214,556)

(249,535)

Dímheas

227,542

256,314

3) DEONTAIS RIALTAIS A FUARTHAS

Deontais Infhála

20222021

Iarmhéid Tosaigh - Deontais Chaipitil

365,361

846,876

Deontais Roinne (Ioncam) a fuarthas

8,401,287

6,623,120

Deontais Roinne (Caipitil) a fuarthas

174,603

273,431

Saothair Ealaíne Caipitil

970,000

Deontais Rialtais eile

4,808

40,400

 

9,916,059

7,783,827

Leithdháilte níos lú

20222021

Leithdháilte d’Ioncam - Deontais Roinne

(7,719,504)

(6,648,365)

Deontas Caipitil Amúchta i gcomhréir le dímheas

(214,556)

(249,535)

Deontais Leithdháilte do Chaipitil - Saothair Ealaíne

(480,166)

Deontais Rialtais eile

(4,808)

(40,400)

 

(7,938,868)

(7,418,466)

20222021

Iarmhéid Deiridh

1,977,191

365,361

Tuairiscithe sa Ráiteas Ioncaim agus Caiteachais

 20222021
 

Deontais Oireachtais leithdháilte d’Ioncam

7,938,868

6,938,300

Glanoibleagáidí scoir (le haisíoc)/le híoc

(246)

(80,447)

Deontas Oireachtais sa Ráiteas Ioncaim agus Caiteachais agus Cúlchiste Coimeádta Ioncaim

7,938,622

6,857,853

4) GNÍOMHAÍOCHTAÍ TRÁCHTÁLA

Láimhdeachas

20222021

Maoin & trealamh a fháil ar cíos

7,263

2,301

Móinéir/amuigh faoin aer a fháil ar cíos

587,565

284,217

Móinéir/amuigh faoin aer a fháil ar cíos

24,105

21,746

Ioncam carrchlóis

33,495

8,388

Díolacháin Siopa Leabhar

208,160

132,721

 

860,588

449,373

Speansais Díolachán

20222021

Forchostas Siopa leabhar

116,002

83,359

Pánna siopa leabhar

124,722

113,224

Pánna & Tuarastail

127,456

69,597

Glantachán

138

0

Speansais oibriúcháin dhíreacha

23,233

88,957

 

391,551

355,137

20222021

Barrachas

469,037

94,236

5) URRAÍOCHT

20222021

Iarmhéid Tosaigh

86,182

99,323

Infhála le linn na bliana

189,043

143,868

 

275,225

243,191

Níos lú

20222021

Leithdháilte go hIoncam - Urraíocht

(163,725)

(157,009)

Leithdháilte go hIoncam Cláir

(3,274)

0

Leithdháilte go Caipitil

(4,250)

0

Iarmhéid Deiridh

103,976

86,182

6) CLÁR EALAÍON

 20222021
 

Admhálacha Cláir

120,254

96,083

Costas an Chláir

 20222021
 

Pánna & Tuarastail

1,009,887

1,112,477

Dímheas

139,769

142,048

Taispeántais:

20222021

Costais reatha

1,262,729

582,917

Taisteal - Baile

1,721

0

Taisteal - Idirnáisiúnta

19,400

0

Bailiúchán Buan

393,954

642,326

Speansais Oideachais & Foghlama

98,172

64,138

Oideachas - Táillí

37,130

26,597

 

2,962,762

2,570,504

Glanchostas

2,842,508

2,474,421

7) RIARACHÁN/COIMEÁDAÍOCHT/SLÁNDÁIL

20222021

Pánna & Tuarastail

3,378,635

2,960,873

Costas Earcaíochta

1,220

585

Táillí Sainchomhairleoireachta - Forbairt Straitéise*

0

39,542

Cáin & Comhairle Airgeadais

15,663

16,363

AD & Comhairle Pinsean

1,242

1,242

Oiliúint

19,153

24,395

Postas & Teileafón

29,742

25,394

Síntiúis

13,455

12,721

Táillí gairmiúla

30,350

27,436

Táillí Dlí *

0

32,375

Soláthairtí Oifige & Stáiseanóireacht

241,290

231,749

Ilghnéitheach

7,086

13,968

Fáilteachas Foirne

0

0

Speansais Siopa Caife/Ceaintín

8,216

10,944

Cruinnithe Boird

1,081

0

Speansais Stiúrthóra - Baile

15,162

902

Speansais Stiúrthóra - Idirnáisiúnta

0

0

Speansais Taistil/ Mótair

3,771

1,395

Bord - Speansais chomhaltaí - Baile

0

0

Árachas

39,797

34,644

Glantachán

122,437

165,286

Slándáil

78,989

35,529

Dímheas

87,772

114,265

Foireann ghníomhaireachta shealadach

125,348

13,098

Táillí bainc íoctha

9,190

11,866

Sláinte & Sábháilteacht

28,471

26,179

 

4,258,070

3,800,751

*I measc na gcostais shainchomhairleoireachta tá costas comhairle seachtrach do bhainistíocht agus gan imeachtaí “gnó mar is gnách” seachfhoinsithe san áireamh. Baineann caiteachas tabhaithe ar chostais dlí le comhairle ghinearálta.

Ní raibh aon fháilteachas cliaint sa bhliain.


8) MARGAÍOCHT

20222021

Fógraíocht

96,134

64,746

25,924

42,873

Caidreamh Poiblí

38,603

10,823

Margaíocht eile

68,923

60,659

 

229,584

179,101

9) COTHABHÁIL

20222021

Slándáil

353,584

322,116

Gás

163,899

174,091

Leictreachas

347,801

187,691

Uisce

17,471

25,356

Glantachán

11,249

11,556

 

894,004

720,810

10) FOSTAITHE AGUS LUACH SAOTHAIR

 20222021
   

Tráchtála

6

5

Clár

58

62

Riarachán

35

29

Bhí líon fostaithe (CL) amhail ag 31 Nollaig

99

96

Cuimsiú Costas foirne:

20222021

Pánna & Tuarastail:

Nóta 4 Gníomhaíochtaí Tráchtála

127,456

69,597

Nóta 4 Gníomhaíochtaí Tráchtála-Siopa Leabhar

124,722

113,224

Nóta 6 Clár Ealaíon

1,009,887

1,112,476

Nóta 7 Riarachán/Coimeádaíocht/Slándáil

3,378,635

2,960,873

Nóta 8 Margaíocht

25,924

42,873

Costas Iomlán Pá

4,666,624

4,299,043

Cuimsiú Costas Foirne:

20222021

Pánna & Tuarastail

4,224,683

3,885,453

Costas Árachais Shóisialta

441,941

413,590

Iomlán

4,666,624

4,299,043

Cuimsiú Sochair Ghearrthéarmacha:

20222021

Pá Bunúsach

4,611,137

4,251,287

Ragobair

38,380

32,350

Liúntas

17,107

15,406

Iomlán

4,666,62

4,299,043

Sa bhliain 2022, baineadh €72,276 (2021: €69,886) de Ranníocaíochtaí Aoisliúntais Breise (ASC) agus bhí sé iníoctha don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán.

Sa bhliain 2022, baineadh €144,994 (2021: €141, 139) d’asbhaintí Fostaithe do Scéim Aoisliúntais an IMMA agus bhí sé iníoctha don Roinn Turasóireachta, Cultúr Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán (Féach Nóta 15).

Sa bhliain 2022, fuarthas €554 (2021: €156, 066) ó chomhaltaí na Scéime Aoisliúntais IMMA mar cheannach seirbhíse. Tá an t-airgead seo iníoctha don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán.

Sa bhliain 2022, baineadh €62,801 (2021: €67, 466) d’asbhaintí Fostaithe don Scéim Pinsin Singil agus bhí sé iníoctha don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Sa bhliain 2022, fuarthas (€15,000) (2021: Nialas) ó chomhaltaí na Scéime Pinsin Singil do cheannach Méideanna is Inchurtha. Tá an t-airgead seo iníoctha don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Níor íocadh aon íocaíochtaí fhoirceanta sa bhliain 2022 (2021 – Nialas).

Sa bhliain 2022, ba é €112,547 (2021 – €105,463) an tuarastal a íocadh do Stiúrthóir IMMA.

Ní sháraíonn teidlíochtaí pinsin an Stiúrthóra os cionn teidlíochtaí caighdeánacha sa scéim sochair modh sainithe. Ní bhfuair an Stiúrthóir aon dámhachtain a bhain le feidhmíocht.

BRISEADH SÍOS SOCHAIR FOSTAITHE

Réimse iomlán sochar fostaitheLíon na bhFostaithe 2022 Líon na bhFostaithe 2021

€60,000 – €69,999

2

4

70,000 – €79,999

3

6

€80,000 – €89,999

3

1

€90,000 – €99,999

0

0

€100,000 – €109,999

1

1

Sonraítear an Cúiteamh a íocadh do phríomhphearsanra bainistíochta i nóta 21

Nóta: Chun críocha an nochta seo, i measc sochair fostaithe gearrthéarmacha maidir le seirbhísí le linn an tréimhse tuarascála, tá tuarastal, liúntais ragoibre agus íocaíochtaí eile a rinneadh ar son an fhostaí, ach ní áirítear ÁSPC an fhostaí.

11) SÓCMHAINNÍ OIDHREACHTA (SAOTHAIR EALAÍNE)

Mar a leagtar amach i mBeartas Cuntasaíochta 1h, aithníonn an Músaem gach sócmhainn oidhreachta nuair a cheannaítear nó a fhaightear iad. Tá sócmhainní dá leithéid ag costas ag dáta na héadála le coigeartú do lagú nuair is gá. Leagtar amach thíos na hidirbhearta don bhliain 2022 agus an tréimhse cuntasaíochta roimhe.

 20222021
 

Costas ar an 1 Eanáir

8,562,062

8,081,896

Sealbhaithe le linn na bliana

__102,766

__480,166

Costas ar an 31 Nollaig

8,664,828

8,562,062

Is é an costas ceannaigh ceannaithe agus cuidithe ná an costas ag dáta na héadála.

Ní reáchtálann an Músaem luacháil bhliantúil.

 20222021
 

Luacháil amhail an 1 Eanáir

12,025,163

12,025,163

Suimithe sa bhliain

__________0

__________0

Luacháil amhail an 31 Eanáir

12,025,163

12,025,163

Faoi Alt 1003 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 féadfar dliteanais chánacha áirithe a shocrú trí thabhartais earraí oidhreachta tábhachtacha do bhailiúchán náisiúnta sainithe. Déanann na Coimisinéirí Ioncaim an luach margaidh a mheas ag tráth an tabhartais.

 20222021
 

Luacháil amhail an 1 Eanáir

1,300,000

1,300,000

Suimithe sa bhliain

_________0

_________0

Luacháil amhail an 31 Eanáir

1,300,000

1,300,000

Bhunaigh an tAcht um Chiste Oidhreachta, 2001 an Ciste Oidhreachta. Faoin gciste seo fuair an IMMA trí Shaothar Ealaíne ó James Coleman a bhfuil luach €1,300,000 orthu.

 20222021
 

Luacháil amhail an 1 Eanáir

14,329,651

14,252,813

Suimithe

__29,782

____76,838

Luacháil amhail an 31 Eanáir

14,359,433

14,329,651

Bhunaigh saineolaithe inmheánacha luach cóir iontaofa do na saothair ealaíne ag tráth na héadála bunaithe ar cheann amháin nó níos mó den mhéid seo a leanas:

  1. Luachanna scríofa taifeadta ar dtús (nuair is cuí) nuair a tháinig na saothair ealaíne ar dtús go IMMA.
  2. Luachanna a ndearnadh taighde orthu ag úsáid Artnet, seirbhís luachála ar líne, a dhéanann praghsanna nua-ealaín agus ealaín chomhaimseartha a fuarthas ag ceantanna agus díolacháin uile ar fud na cruinne.
  3. Comhairle ó dhánlanna, gníomhaithe ealaíontóirí agus ealaíontóirí
 20222021
 

SAOTHAIR EALAÍNE IOMLÁN

36,349,424

36,216,876

Achoimre Airgeadais Cúig Bliana d’Idirbhearta Sócmhainní Oidhreachta

 20212021202020192018

Ceannaigh:

Ealaín ghrafach/Grianghrafadóireacht

30,647

74,440

54,968

62,030

-

Pictiúr

1,869

107,657

100,862

-

-

Dealbhóireacht

4,250

14,000

1,600

-

-

Meán Nua/Eile

16,000

155,050

100,619

36,875

43,839

Suiteáil

50,000

129,019

59,770

-

31,299

Iomlán

102,766

480,166

317,819

98,905

75,138

20222021202020192018

Alt 1003:

-

-

-

-

-

Ealaín ghrafach/Grianghrafadóireacht

-

-

-

-

199,900

Pictiúr

-

-

-

-

787,900

Meán Nua/Eile

-

-

-

-

350,000

New Media / Other

-

-

-

-

54,000

Suiteáil

-

-

-

-

50,000

Iomlán

-

-

-

-

1,441,800

20222021202020192018

Ciste Oidhreachta

-

-

-

-

-

Saothair Ealaíne Deonaithe

20222021202020192018

Ealaín ghrafach/Grianghrafadóireacht

7,118

17,030

10,165

28,912

88,500

Pictiúr

15,500

11,750

-

415,000

178,246

Dealbhóireacht

2,500

15,000

-

70,883

185,000

Meán Nua/Eile

4,664

33,058

1,153

-

-

Suiteáil

-

-

36,045

40,000

120,000

Iomlán

29,782

76,838

47,363

554,795

571,746

20222021202020192018

Móriomlán

132,548

557,004

365,182

653,700

2,088,684

e) Sócmhainní ar son tríú páirtithe

 20212020
 

Luacháil

2,914,828

2,914,828

Bailiúchán Madden Arnholz

 20222021
 

Luacháil

750,000

750,000

Baineann méideanna san áireamh i Nóta 11 (d) le sócmhainní sealbhaithe agus á gcoinneáil ag IMMA, nach bhfuil teideal reachtaíochta acu go fóill. Dá bhrí sin, níor cuireadh san áireamh iad sa ráiteas maidir leis an Staid Airgeadais. Rinne Gordon Lambert Modern Art Charitable Trust an luach a thabhairt do Bhailiúchán Gordon Lambert nuair a deonaíodh an bailiúchán don IMMA sa bhliain 1992. Sa bhliain 2011, rinne Caxton Antique Dealers roinnt priontaí ón mBailiúchán Madden Arnholz a luacháil.

12) SÓCMHAINNÍ SEASTA - MAOIN, GLÉASRA

 Motor VehiclesFurniture, Fittings & EquipmentTotal
 

Costas ar an 1 Eanáir 2022

0

1,335,817

1,335,817

Suimithe

54,735

40,000

94,735

Diúscairtí

(0)

(0)

(0)

Costas ar an 31 Nollaig 2022

54,735

1,375,817

1,430,552

DÍMHEAS

 MótarfheithiclíTroscán, Feistithe & TrealamhIomlán
 

Dímheas ar an 1 Eanáir 2022

0

1,015,594

1,015,594

Táillí don bhliain

13,684

213,857

227,541

Diúscairtí

(0)

(0)

(0)

Dímheas ar an 31 Eanáir 2022

13,684

1,229,451

1,243,135

GLANLUACH DE RÉIR NA LEABHAR

 Motor VehiclesFurniture, Fittings & EquipmentTotal
 

Ar an 31 Nollaig 2021

-

320,223

320,223

Ar an 31 Nollaig 2022

41,051

146,366

187,417

13) FARDAL

 20222021
 

Earraí críochnaithe (Eagráin & Catalóga)

33,203

26,286

14) INFHÁLTAIS

20222021

Féichiúnaithe trádála

5,680

14,786

Féichiúnaithe éagsúla

1,903

0

Réamh-íocaíochtaí agus ioncam fabhraithe

157,410

71,161

 

164,993

85,947

15) SUIMEANNA INÍOCTHA: méideanna ag titim laistigh de bhliain amháin

Nóta20222021

Creidiúnaithe trádála

175,289

130,563

Fabhruithe

1,051,638

1,019,167

Éarlaisí do Cheolchoirmeacha/Imeachtaí amach anseo

204,000

127,350

ÍMAT/ÁSPC

105,179

105,951

Cáin iarchoimeádta

5,941

6,968

Asbhaintí Aoisliúntais scéim DTCAGSM/DPER*

332,779

433,663

Asbhaintí Aoisliúntais iníoctha do DTCAGSM/DPER

0

0

Urraíocht roimh ré

5.

103,976

86,182

 

1,978,802

1,909,844

Níor sholáthair an IMMA aon slándáil i leith na gcreidiúnaithe thuas.`

Cuireadh tús le Scéim Aoisliúntais an IMMA sa bhliain 2001. Rinneadh asbhaintí de €144, 994 ó phá rolla comhaltaí sa bhliain. Coimeádann Áras Nua-Ealaíne na hÉireann asbhaintí aoisliúntais de €332,779, (2021: €433, 663) a chlúdaíonn an tréimhse 2001-2022 ó íocaíochtaí pinsin fostaithe. Tá na hasbhaintí seo glan ó íocaíochtaí pinsin a íocadh do chomhaltaí na Scéime Pinsin IMMA ar scoir. Rinneadh íocaíochtaí de €122,279 (2021: €109,971) sa bhliain agus cnapshuimeanna a íocadh sa bhliain ná €96,016 (2021: €Nialas) Bhí asbhaintí níos mó ná íocaíochtaí sa bhliain 2022.

16) TEAGMHAIS

Níl aon dliteanais theagmhasacha.

17) CUNTAS CAIPITIL (SAOTHAIR EALAÍNE)

 DTCAGSMCeannacháin Cuidithe Síntiúis Iomlána
 

1 Eanáir 2022

7,773,221

694,079

27,654,815

36,122,115

Faighte sa bhliain

98,516

4,250

29,782

132,548

31 Nollaig 2022

7,871,737

698,329

27,684,597

36,254,663

 DTCAGSMCeannacháin Cuidithe Síntiúis Iomlána
 

1 Eanáir 2021

7,293,055

694,079

27,577,977

35,565,111

Faighte sa bhliain

480,166

0

76,838

557,004

31 Nollaig 2021

7,773,221

694,079

27,654,815

36,122,115

Tugadh na méideanna seo don chuideachta don leis an rún áirithe saothair ealaíne a cheannach.

Féach Nóta 11 chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na tabhartais a fuarthas sa bhliain 2022.

18) COSTAIS SOCHAIR SCOIR

a) Anailís ar Iomlán costais sochair scoir a gearradh don Ráiteas Ioncaim agus Caiteachais agus Cúlchiste Coimeádta Ioncaim

20222021

Costas Seirbhíse Reatha

1,785,839

1,560,000

Ús ar Dhliteanais Scéim Sochair Scoir

355,479

202,898

Ranníocaíochtaí Fostaithe

(218,541)

(190,417)

 

1,922,777

1,572,481

Anailís ar an méid a aithníodh sa Ráiteas Ioncaim Chuimsithigh

20222021

Eispéireas Gnóthachain/ (caillteanais) ar dhliteanais scéime

910,837

(274,200)

Gnóthachain/(caillteanais) ar athruithe foshuíomhanna (airgeadais agus déimeagrafach)

(11,044,078)

1,737,494

 

(10,133,241)

1,463,294

b) Gluaiseacht i nGlanoibleagáidí Sochair Scoir le linn na bliana airgeadais

 20222021
 

Glanoibleagáidí sochair scoir ar an 1 Eanáir

(28,438,220)

(25,321,999)

Costas seirbhíse reatha

(1,785,839)

(1,560,000)

Íocaíochtaí Pinsin

218,295

109,971

Ús ar Dhliteanais Scéime

(355,479)

(202,898)

Gnóthachain/(caillteanais) achtúireacha a aithníodh sa Ráiteas Ioncaim Chuimsithigh

10,133,241

(1,463,294)

Glanoibleagáidí sochair scoir ar an 31 Nollaig

(20,228,002)

(28,438,220)

Aithníonn an Músaem na suimeanna seo mar shócmhainn a chomhfhreagraíonn don dliteanas neamhmhaoinithe iarchurtha do phinsin ar bhonn sraith foshuíomhanna a sonraítear thíos agus roinnt imeachtaí a tharla. I measc seo, tá bonn reachtúil do bhunú na scéimeanna aoisliúntais, agus beartas agus cleachtas i bhfeidhm maidir le pinsin seirbhíse poiblí a mhaoiniú, lena n-áirítear ranníocaíochtaí ó fhostaithe agus an próiseas meastacháin bliantúil. Cé nach bhfuil aon aontú foirmiúil maidir leis na suimeanna áirithe seo leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, níl aon fhianaise ag an Músaem nach leanfaidh an beartas maoinithe seo le suimeanna dá leithéid a bhaint amach toisc go dtiteann siad i gcomhréir le cleachtas reatha. Ar an 31 Nollaig 2022, bhí suim de €20,228,002 (2021: €28, 438, 220) i gceist leis an sócmhainn maoinithe iarchurtha do shochair scoir.

Glanmhaoiniú iarchurtha do shochair scoir a aithnítear sa Ráiteas Ioncaim agus Caiteachais agus Cúlchiste Coimeádta Ioncaim

20212021

Maoiniú in-aisghabhála i leith costais phinsin na bliana reatha

1,785,839

1,560,000

Ús ar dhliteanais scéime

355,479

202,898

Íocaíochtaí Pinsin

(218,295)

(109,971)

 

1,923,023

1,652,927

d) Stair maidir le hEispéireas gnóthachain agus caillteanais

 20222021
 

Eispéireas Gnóthachain/ (caillteanais) ar dhliteanais scéime

910,837

(274,200)

Céatadán luach reatha dliteanais scéime

5%

-1%

Iomlán Gnóthachain/(caillteanais) achtúireacha a aithnítear sa Ráiteas Ioncaim Chuimsithigh

(10,133,241)

1,463,294

Iomlán Gnóthachain/(caillteanais) achtúireacha a aithnítear sa Ráiteas Ioncaim Chuimsithigh

−50%

5%

e) Cur síos ar an Scéim

Tá scéim sochair aoisliúntais ranníocaíochta sainithe á feidhmiú ag an Músaem dá fhostaithe a cuireadh tús leis le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 2001. Tá an scéim atá á feidhmiú ag an Músaem díreach mar an gcéanna leis an Scéim Aoisliúntais Gairme do Státseirbhísigh Aitheanta. Is scéim sochair sainithe í agus feidhmítear í ar bhonn “íoctar mar a úsáidtear.” Baintear na ranníocaíochtaí ó thuarastail. Áirítear an chothromaíocht idir asbhaintí agus íocaíochtaí sna creidiúnaithe.

Is é an Scéim Pinsean Aonair na Seirbhíse Poiblí (Scéim Singil) an scéim sochair sainithe d‘fhostaithe sa tseirbhís phoiblí inphinsin ar nó i ndiaidh 1 Eanáir 2013 i gcomhréir leis an Acht um Pinsin na Seirbhíse Poiblí (Scéim Aonair agus Forálacha Eile), 2012. Forálann an scéim do cnapshuim phinsin agus scoir bunaithe ar luach saothair meánghairme inphinsin, agus pinsin chéile agus leanaí. Is é 66 bliana an íosaois phinsin (ag ardú i gcomhréir le hathruithe aois pinsin an Stáit). Áirítear saoráid aois scoir achtúireach laghdaithe ó 55 bliana. Ardaíonn pinsin á n-íoc i gcomhréir leis an treoir-phraghais do thomhaltóirí.

Rinne achtúire neamhspleách luacháil na scéime scoir sainithe chun críche nochtaí FRS 102 chun go ndéanfar athbhreithniú ar na dliteanais faoi 31 Nollaig 2022. Is iad seo a leanas na foshuíomhanna airgeadais a úsáideadh chun dliteanais scoir agus comhpháirteanna an chostais scoir sainithe a thomhais:


 20222021
 %%

Ráta Lascaine

3.55

1.25

Méadaithe Tuarastail

3.50

3.20

Méadaithe Pinsin

3.50

3.20

Méadaithe Boilscithe

2.50

2.20

Ceadaítear feabhsuithe in ionchas saoil thar am leis an mbonn básmhaireachta inghlactha ionas go mbraithfidh ionchas saoil ar an mbliain ina shroichfidh comhalta aois scoir (65 bliana d’aois). Léiríonn an tábla thíos ionchas saoil do chomhaltaí a bhfuil 45 bliana d’aois agus aois 65 bliana d’aois.

Ionchas saoil Blianta

Ionchas saoil d’Fhear 65 bliana d’aois

21.7 bliain

Ionchas saoil do Bhean 65 bliana d’aois 24.3 bliain

24.3 bliain

Ionchas saoil d’Fhear 45 bliana d’aois anois (ó 65 bliana d’aois)

23.3 bliain

Ionchas saoil do Bhean 45 bliana d’aois anois (ó 65 bliana d’aois)

25.8 bliain

19) LEASANNA CHOMHALTAÍ AN BHOIRD

The Board has adopted procedures in accordance with guidelines issued by the Department of Public Expenditure and Reform in relation to the disclosure of Tá nósanna imeachta glactha ag an mBord i gcomhréir leis na treoirlíne a d’eisigh An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le nochtadh leasanna ó Chomhaltaí an Bhoird agus cloíodh leis na nósanna imeachta seo i rith na bliana. Ní raibh aon idirbhearta le linn na bliana maidir le gníomhaíochtaí an Bhoird a raibh leas ag aon Chomhalta Boird as.

20) Díolaíochtaí Chomhaltaí Boird

Board MemberTáillí BoirdSpeansais DheimhnitheCruinnithe Freastail

David Harvey (Cathaoirleach)

-

-

5/5

Mary Apied

-

-

4/5

Gerard Byrne

-

-

4/5

John Cunningham

-

-

5/5

Jane Dillon Byrne

-

-

0/2

Dermod Dwyer

-

-

5/5

Emma Goltz

-

-

4/5

Margot Lyons

-

-

5/5

Eva Kenny

-

-

4/5

Tá Cathaoirleach an Bhoird i dteideal táille faoi “táillí iníoctha do chomhaltaí bord Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí neamhthráchtála.” Tharscaoil an Cathaoirleach an táille, áfach, ón mbliain 2010 go 2022 san áireamh. Níl Stiúrthóirí an Bhoird i dteideal aon táillí.

21) NOCHTAÍ PÁIRTÍ GAOLMHARA

Is iad príomhphearsanra bainistíochta Áras Nua-Ealaíne na hÉireann an Stiúrthóir agus comhaltaí Bhord na Stiúrthóirí. I measc cúiteamh iomlán a íoctar go príomhphearsanra bainistíochta, tá táillí agus costais Chomhaltaí Boird, agus luach saothair Stiúrthóra. Sa bhliain 2022, bhí suim €112,547 (2021: 105,463) i gceist le luach saothair Stiúrthóra. B’ionann costais Stiúrthóra sa bhliain 2022 agus €15,162 (2021: €902). B’ionann táillí chomhaltaí Boird sa bhliain 2022 agus €nialas (2021 €nialas). B’ionann costais chomhaltaí Boird sa bhliain 2022 agus €nialas (2021 €nialas).

22) Imeachtaí i ndiaidh an Dáta Tuarascála

Bhí gnáthfheidhmíocht an mhúsaeim i bhfeidhm go luath i míonna na bliana 2022 i ndiaidh na srianta a bhain leis an bpaindéim Covid-19. Tá clár iomlán taispeántas agus rannpháirtíocht ar bun. Tá neamhchinnteacht áirithe i gceist leis an timpeallacht sheachtrach de bharr brúnna boilscithe agus leanann an Bord le maoirseacht a dhéanamh air seo.

23) FAOMHADH NA RÁITEAS AIRGEADAIS

Rinne an Bord na Ráitis Airgeadais a fhaomhadh ar an 30 Bealtaine 2023