Ard Reachtaire Cuntas agus Ciste
Tuairim ar na ráitis airgeadais
Rinne mé iniúchadh ar ráitis airgeadais Áras Nua-Ealaíne na hÉireann don Bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2023 mar a cheanglaítear faoi fhorálacha alt 5 d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993, Cuimsítear sna ráitis airgeadais an ráiteas ioncaim agus caiteachais agus cúlchistí coimeádta ioncaim, an ráiteas ioncaim chuimsithigh, an ráiteas maidir leis an staid airgeadais, an ráiteas maidir le sreafaí airgid agus na nótaí gaolmhara, lena n-áirítear achoimre ar bheartais chuntasaíochta shuntasacha.
I mo thuairim féin, maidir leis na ráitis airgeadais,
- tugtar léargas fíor cóir ionar shócmhainní, ar dhliteanais agus ar staid airgeadais Áras Nua-Ealaíne na hÉireann amhail an 31 Nollaig 223 agus ar a ioncam agus ar a chaiteachas do 2023.
- ullmhaithe i gceart iad de réir an Chaighdeáin Tuairiscithe Airgeadais (FRS) 102 – An Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais is infheidhme sa Ríocht Aontaithe agus i bPoblacht na hÉireann, agus
- ullmhaithe i gceart iad de réir Acht na gCuideachtaí 2014.
An Bunús leis an Tuairim
Rinne mé m’iniúchadh ar na ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (ISAnna) arna bhfógairt ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na nUasfhoras Iniúchóireachta. Tá cur síos ar mo fhreagrachtaí faoi na caighdeáin sin san aguisín a ghabhann leis an tuarascáil seo. Táim neamhspleách ar an gcuideachta agus chomhlíon mé mo chuid freagrachtaí eiticiúla eile de réir na gcaighdeán.
Creidim gur leor agus gur cuí an fhianaise iniúchóireachta atá faighte agam chun bunús a tabhairt le mo thuairim.
Conclúidí a bhaineann le gnóthas leantach
D’ullmhaigh na stiúrthóirí na ráitis airgeadais ar choincheap an ghnóthais leantaigh. Mar a thuairiscítear sa tuarascáil seo, tugaim conclúid maidir le
- oiriúnacht úsáid na stiúrthóirí as choincheap an ghnóthais leantaigh maidir le cuntasaíocht
- cé acu an bhfuil éiginnteacht ábhartha ann maidir le himeachtaí nó coinníollacha a d’fhéadfadh amhras suntasach a chaitheamh ar chúrsaí
Níl aon rud agam le tuairisciú maidir leis sin.
Tuairim ar chúrsaí a fhorordaítear le hAcht na gCuideachtaí 2014
Bunaithe ar an obair a rinneadh le linn an iniúchta, agus ar an obair sin amháin, tuairiscím, i mo thuairim féin,
- go bhfuil an fhaisnéis a thugtar i dtuarascáil an stiúrthóra i gcomhréir leis na ráitis airgeadais agus
- gur ullmhaíodh tuarascáil an stiúrthóra de réir Acht na gCuideachtaí 2014.
Tá an fhaisnéis agus na mínithe ar fad faighte agam a mheasaim a bheith riachtanach chun críocha m’iniúchta.
Is é mo thuairim féin, is leor taifid chuntasaíochta na cuideachta chun na ráitis airgeadais a iniúchadh go héasca agus i gceart, agus tá na ráitis airgeadais ag teacht leis na taifid chuntasaíochta.
Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (ar lean)
Ceanglaítear orm le hAcht na gCuideachtaí 2014, tuairisc a thabhairt más rud é, i mo thuairim féin, nach ndearnadh nochtaí maidir le luach saothair agus idirbhearta na stiúrthóirí a cheanglaítear le hailt 305-312 den Acht. Níl aon rud agam le tuairisciú maidir leis sin.
Tuarascáil ar fhaisnéis seachas na ráitis airgeadais, agus ar chúrsaí eile.
Tá faisnéis áirithe eile curtha i láthair ag na stiúrthóirí leis na ráitis airgeadais. Cuimsítear leis sin tuarascáil na stiúrthóirí agus an ráiteas ar rialú inmheánach. Tá cur síos san aguisín a ghabhann leis an tuarascáil seo ar mo fhreagrachtaí tuairisc a thabhairt maidir le faisnéis den sórt sin, agus ar chúrsaí áirithe eile ar a dtuairiscím trí eisceacht.
Níl aon rud agam le tuairisciú maidir leis sin.
Paula O’Conneor
Ar son agus thar ceann an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
28 Meitheamh 2024.