The Narrow Gate of the Here-and-Now

30 Iúil, 2021 – 8 Eanáir, 2023

Agus é ar siúl ón mbliain roimhe, 2021, chuir an taispeántas Bailiúchán an IMMA os comhair an phobail in éineacht le stair an Mhúsaeim ó 1991 i leith. The Narrow Gate of the Here-and-Now,, IMMA: Cuireadh 30 Bliain den Ealaín Chomhaimseartha Dhomhanda,  i láthair i gceithre chaibidil agus i ngach ceann acu baineadh leas as cur chuige téamach difriúil chun léargas a thabhairt ar chúrsaí le tríocha bliain anuas:

Caibidil a hAon: Léiriú Cruthanta ar an bPobal Aiteach

Caibidil a Dó: An Ré Antrapaicéineach

Caibidil a Trí: Dlúth agus Inneach an tSochaí

Caibidil a Ceathair: Agóid agus Coimhlint

Den chéad uair riamh i stair an IMMA úsáideadh spás iomlán an Mhúsaeim chun taispeántas de shaothair ealaíne ó Bhailiúchán an IMMA a chur ar siúl agus inar cuireadh breis agus 200 saothar ealaíne ar taispeáint. A bhuí le deontas ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán bhí lucht eagraithe an taispeántais in ann togha agus rogha na saothar ealaíne a cuireadh leis an mBailiúchán le déanaí a chur os comhair an phobail. Lena chois seo, cuireadh roinnt iasacht ríthábhachtach le líon na saothar ealaíne sa Bhailiúchán agus sa Chartlann.

Insíodh scéal IMMA sa taispeántas agus conas mar a cuireadh tús leis in 1991 ag uair chinniúnach i stair an domhandaithe agus i gcomhthéacs Eorpach. Timpeall an ama seo, bhí roinnt músaem ealaíne comhaimseartha ann i dtíortha amhail an Pholainn agus an Liotuáin a bhí sainmhíniú as an nua á dhéanamh acu ar a bhféiniúlacht chultúrtha féin i gcomhthéacs Eoraip iar-chumannach. Ba iad na cúinsí seo, bogadh an tsaoil mhóir i dtreo an domhandaithe, tús ré an idirlín agus teacht chun cinn na polaitíochta nualiobrálaí san Iarthar a úsáideadh mar chomhthéacs chun machnamh a dhéanamh ar ról an IMMA i leith ealaín chomhaimseartha ar fud na cruinne.

Ba é an comhar-stiúideo, Culturstruction, a dhear an taispeántas, faoi stiúir Jo-Anne Butler agus Tara Kennedy.

Radharc ar an suiteáil Narrow Gate of the Here-and-Now: Queer Embodiment, IMMA, Baile Átha Cliath. Grianghraf Ros Kavanagh.

Radharc ar an suiteáil Narrow Gate of the Here-and-Now: Queer Embodiment, IMMA, Baile Átha Cliath. Grianghraf Ros Kavanagh.

Caibidil a hAon: Léiriú Cruthanta ar an bPobal Aiteach

30 Iúil, 2021 – 15 Bealtaine, 2022

Thug Léiriú Cruthanta ar an bPobal Aiteach léargas ar chomhthéacs an tionscadail trí spléachadh a thabhairt ar na hathruithe móra reachtaíochta a tharla i sochaí na hÉireann, amhail díchoiriúlú na homaighnéasachta (1993), soláthar colscartha (1996), comhionannas pósta (2015), agus aisghairm an Ochtú Leasú ( 2018). Sa streachailt chun cearta an duine a bhaint amach, baineann na heachtraí seo macallaí as saol daoine ar fud na cruinne, fad is atá gluaiseachtaí cosmhuintire fós ag cur in aghaidh an Stáit agus iad ag iarraidh laincisí a chur ar chorp an duine.

Tá traidisiún láidir de chleachtas feimineach le sonrú i mBailiúchán agus i gCartlann an Mhúsaeim, cuntas á thabhairt ann ar na mná Éireannacha a chuir in aghaidh an cos ar bolg a bhí ar siúl ag an eaglais agus an stát. Tugtar cuntas ann, leis, ar dhaoine den phobal aiteach, scéal a saoil á insint agus iad i mbun agóide nó ag baint súp as an saol. Caitear súil freisin ar na hiarmhairtí uafásacha a bhain le VEID/SEIF. Cé gur tháinig ann do sochaí níos truachroíche de bharr na n-athruithe seo, tharraing cuid de na saothair ealaíne sa taispeántas aird ar shaincheisteanna atá ina ábhar imní, saoránacht na hÉireann agus imirce, cuir i gcás, gan réiteach go fóill.

Interior installation photograph showing four blue framed prints on a white wall. The opposite wall is painted blue with a red mural that has been partially ripped off, the bottom of a red heart mural visable. On the ground is an installation of shoes and a funnel covered in blue pigment

Installation view Narrow Gate of the Here-and-Now: Queer Embodiment, IMMA, Dublin. Photo Ros Kavanagh.

Caibidil a Dó: An Ré Antrapaicéineach

24 Meán Fómhair, 2021 – 25 Meán Fómhair, 2022

Dhírigh An Ré Antrapaicéineachar an ré gheolaíoch atá ann faoi láthair ina bhfuil gníomhaíocht an chine daonna tagtha chun cinn mar an tionchar is mó agus is díobhálaí do chórais an Domhain. Agus é ag cur leis na scéalta a chloistear sna meáin faoi leibhéal na mara ag dul in airde, faoi thonnta teasa, agus faoi dhíothú speiceas, is léir uaidh gur iomaí teamparálacht a bhaineann leis an Ré Antrapaicéineach. Ar lámh amháin díríonn sé ar an dlús atá curtha lenár saol le tríocha bliain anuas ach, ar an lámh eile, i gcaibidil a dó, caitear súil i bhfad siar sa stair agus déantar tuairimíocht faoin saghas saoil atá i ndán dúinn agus uair chinniúnach ó thaobh aeraithe aeráide buailte linn.

Ag tús an taispeántais tugtar cuntas faoi bhunú an Mhúsaeim siar i ré choilíneach agus conas mar a théann na rudaí a tugadh don Mhúsaem i gcion orainn fós agus sinn ag iarraidh meabhair a bhaint as an saol mórthimpeall orainn – is cuma más aicmiú mianraí, plandaí nó ainmhithe atá i gceist nó má táthar ag iarraidh na ndifríochtaí idir daoine a chosaint. Cuireadh priontaí macasamhlacha de phictiúir chríochnúla luibheolaíocha ó lámh Albrecht Dürer (a mhair sa 16ú haois) ar taispeáint le hais saothar ealaíne a rinneadh le déanaí le Breda Lynch agus Nevan Lahart. Ar an gcaoi seo, tugtar léargas ar shaolréanna éagsúla i mBailiúchán an Mhúsaeim.

Video frame from The Otolith Group's INFINITY Minus Infinity

The Otolith Group, INFINITY Minus Infinity, 2019, Video, 56 min. 51 sec., Collection Irish Museum of Modern Art, Purchase, 2020

Caibidil a Trí: Dlúth agus Inneach an tSochaí

19 Samhain, 2021 – 6 Samhain, 2022

Cuireann Social Fabric teicstílí agus an stair a bhaineann leo i lár báire agus cíoradh á dhéanamh aige ar an am i láthair. Sa chaibidil seo baintear leas as saothair ealaíne a bhaineann le teicstílí mar earra, ábhar agus mar cheird chun téamaí amhail an domhandú, an teicneolaíocht, lucht saothair, pobal agus féintreorú a chur trí chéile. Bhí na smaointe seo mar a bheadh cosáin ann ar fud an taispeántais ina raibh an t-uafás rudaí le feiceáil idir shaothair ealaíne fheimineacha agus séada fine. Teicstílí ar taispeáint, leis, agus iad ina bhfianaise fhite ar fhrithbheartaíocht chomh maith le léargas a thabhairt ar an mbaint idir teicneolaíochtaí fíodóireachta agus cód ríomhaire.

Déantar machnamh ann ar theicstíl mar earra a shamhlaítear go minic le tionscal agus malartú domhanda agus cíortar freisin conas mar a shamhlaítear táirgeadh teicstíle fós le ‘obair na mban’, le tionscal baile, agus le hobair mhaslach. Rinneadh machnamh ann freisin ar an deis a fhaightear as déanamh teicstíle agus an mianach atá ann féiniúlacht a chur in iúl agus féintreorú a dhéanamh leis. Séard a maíodh le ‘Teicstíl’ ná gur bealach é chun daoine a chumasú sa mhéid is gur minic a chuirtear an bhrí de ‘cheird mhín’ a shamhlaítear leis bunoscionn ach is siombail é, leis, a sheasann d’aire a thabhairt, do dheisiú, d’eolas a fhágtar le hoidhreacht, agus do neamhthuilleamaíocht. Cíoradh ann freisin an chaoi ina bhfuil táirgeadh teicstíle agus forbairt ríomhairí agus teicneolaíochtaí digiteacha comhaimseartha fite fuaite lena chéile.

Radharc suiteála de Stack le Kathy Prendergast déanta as éadach, sreangán, péint agus adhmad.

Radharc suiteála de Stack le Kathy Prendergast déanta as éadach, sreangán, péint agus adhmad.

Caibidil a Ceathair: Agóid agus Coimhlint

19 Samhain, 2021 – 8 Eanáir, 2023

Bhí Bailiúchán an IMMA mar bhonn ag Agóid agus Coimhlint chun cíoradh a dhéanamh ar an gcaoi ar oibrigh ealaíontóirí chun dúshlán lucht an údaráis a thabhairt, ealaín á húsáid mar sheift acu chun easumhlaíocht shibhialta a dhéanamh. Dhírigh an taispeántas seo ar na bealaí inar chuir ealaíontóirí le gluaiseachtaí agus le heachtraí le blianta beaga anuas amhail Black Lives Matter agus Feachtas na nEalaíontóirí chun an tOchtú Leasú a Aisghairm agus ceiliúradh ann conas mar a bhí na healaíontóirí sin i lár baill nuair a bhíothas ag agóidíocht chun frithbheartaíocht a dhéanamh agus fírinní searbha a chur in iúl go neamhbhalbh.

Suiteáil cloigín iarann ​​teilgthe ar crochadh ón tsíleáil, os cionn figiúr i gculaith bhraith glas ina shuí ar bhonn adhmaid

Radharc ar an suiteáil The Narrow Gate of the Here-and-Now, IMMA, Baile Átha Cliath. Grianghraf le Ros Kavanagh

Aoife Dunne – DREAMSPHERE

18 Nollaig, 2021 – 28 Feabhra, 2022

Ba shuiteán suíomh-oiriúnaithe é DREAMSPHERE ó lámh ealaíontóir cónaithe an IMMA Aoife Dunne a cuireadh ar stáitse i gClós an IMMA ar bhealach a chuirfeadh faoi gheasa thú. Agus é mar an tionscadal deireanach a coimisiúnaíodh chun 30ú breithlá an IMMA a cheiliúradh, ba é an chéad ceann a coimisiúnaíodh, leis, mar chuid de chlár nua, An IMMA sa Gheimhreadh. Thóg an suiteán an lucht féachana ar aistear samhlaíoch go dtí intinn-dreach tumthach.  Agus cíoradh á dhéanamh aige ar mheabhair mar spás seachtrach chomhroinnte ar féidir fánaíocht agus cónaí a dhéanamh ann, i rith an tsuiteáin bhí an lucht féachana timpeallaithe ag fuaimeanna agus scáileáin a raibh tarraingt súl iontu. Bhí luas mire faoi na hamharcléirithe a tháinig ina dhiaidh sin, an lucht féachana á sciobadh chun siúil ar thuras osréalach trí aigne chorraithe; cleasaíocht á déanamh leo sa mhéid is gur tugadh spléachadh dóibh den chomhroinnt-mheabhrach gur seans go mbeidh daoine in ann a dhéanamh amach anseo fad is a baineadh leas as teicneolaíocht chun cur le paraiméadair shíceolaíocha thaithí an duine. Agus sraith sócmhainní digiteacha ó lámh Dunne ag gabháil leis, bhí tarraingt mhór ag lucht spéise ar an suiteán seo agus mheall sé a lán daoine chuig an IMMA i ndúlaíocht an gheimhridh.

Night exterior installation photograph of a large screen displaying abstract neon colours. There are pink neon light columns on either side of the screen. In the foreground is the back of a second screen and it's supporting structure is illuminated.

Coimisiún an Gheimhridh-radharc suiteála de Dreamsphere le Aoife Dunne, IMMA, Baile Átha Cliath. Grianghraf Aoife Dunne.

The Otolith Group – Xenogenesis

7 Iúil, 2022 – 12 Feabhra, 2023

An Grúpa Otolith: Thug Xenogenesis rogha shuntasach de shaothair ó lámh An Ghrúpa Otolith le chéile, an comharghrúpa ealaíontóirí lonnaithe i Londain ar bhunaigh Anjalika Sagar agus Kodwo Eshun i Londain é in 2002.

Chuir an taispeántas sampla ionadaíoch de phríomhshaothair a rinne An Grúpa Otolith idir 2011 agus 2018 os comhair an phobail agus le sonrú ann bhí an dúthracht a chaitheann na healaíontóirí i gcónaí le cruthú an ruda a thugann siad ‘ficsean eolaíochta an lae inniu’ air trí leas a bhaint as íomhánna, guthanna, íomhánna sonacha, fuaimeanna, agus taibhiú.

Ar na saothar ealaíne ceannródaíocha a rinne an Grúpa Otolith bhí scannáin iarchineamatacha i bhfoirm aiste, físeáin agus suiteáin ilscáileáin a thugann aghaidh ar shaincheisteanna sóisialta agus pláinéadacha na linne seo, an cur isteach a thagann ó nua-choilíneachas, an chaoi ina bhfuil an domhan curtha as a riocht ag an gcine daonna, agus an chaoi ina dtéann teicneolaíocht nua i gcion ar intinn daoine.

The Xenogenesis Trilogy, an teideal a thug Octavia Butler ar a húrscéalta ficsean eolaíochta a ainmníodh Xenogenesis. Le cois Octavia Butler, tá príomhphearsana eile ann atá mar mhaitrís cheapadóireachta don taispeántas taistil. Ina measc tá an cumadóir agus ceoltóir Julius Eastman (1940–1990) agus an t-ileolaí agus an oideoir Rabindranath Tagore (1861–1941).

Interior installation photograph inside a long dark corridor, with display panels showing illuminated stamps. A woman stands is looking at the display.

Kevin Mooney – Revenants

1 Nollaig, 2023 – 19 Márta, 2023

Chuir Revenants sraith de phictiúir a rinne Kevin Mooney, ar ealaíontóir lonnaithe i gCorcaigh é, le déanaí.  Agus an dúil atá ag Mooney i miotaseolaíocht, stair agus imirce chultúrtha na hÉireann go mór le sonrú ann, is beart é Revenants ina dtugtar faoi stair na healaíne ar bhealach tuairimeach agus ealaín ‘caillte’ diaspóra na hÉireann á samhlú aige.

Five abstract figures on a painted background, there are 6 sun like circles above them and the have googly eyes

Kevin Mooney – Cork, Ireland, 2021 / Photograph Jed Niezgoda – www.jedniezgoda.com

Fiona Whelan – What Does He Need?

10 Márta, 2022 – 29 Bealtaine, 2023

Is tionscadal á fhabhrú le fada é ‘What Does He Need’ agus lámh ag an ealaíontóir, scríbhneoir agus oideoir Fiona Whelan, an compántas amharclannaíochta Brokentalkers agus Tionscadal Óige Rialto ann.  Déanann an tionscadal cíoradh criticiúil ar an gcaoi ina dtagann an fhearúlacht i gcrann, machnamh á dhéanamh aige ar conas a théann an saol i gcion ar fhir agus ar bhuachaillí agus conas a théann siadsan i gcion ar an saol.

Six young me view text based artworks printed with black tex on white backgrounds.

Six young men consider the artwork, What Does He Need?