Lucht Spéise

Idir chlár taispeántais 2022 an IMMA agus clár leathan amuigh faoin aer agus sheoladh na chéad fhéile Earth Rising, b’iomaí deis a tapaíodh chun aird lucht spéise nua agus lucht spéis a bhí ann cheana ar fud na meán náisiúnta agus idirnáisiúnta a tharraingt ar an IMMA.

Night exterior installation photograph of two large, parallel, screens that are neon pink in colour. There are pink neon light columns on either side of the screens.

Dreamsphere 1 & 2: Radharc suiteála, DREAMSPHERE le Aoife Dunne, IMMA, Baile Átha Cliath. Grianghraf le Aoife Dunne.

Ar na buaicphointí bhí:

  • Rinneadh mórchuideachtaí meán idirnáisiúnta agus náisiúnta tuairisciú leathan ar thaispeántas an Ghrúpa Otolith Xenogenesis. Ba dhíol suntais é go ndearna The Guardian agus Artforum agallaimh leis na healaíontóirí, fad is a foilsíodh léirmheasanna dearfacha in The Quietus, Frieze, Burlington Contemporary, agus irisí eile nach iad. Rinne an IMMA grúpa iriseoirí ón RA a óstáil oíche na hoscailte agus chuir lucht eagraithe an taispeántais fáilte roimh an Aire Catherine Martin, TD, nuair a tháinig sí ar cuairt chun páirt a ghlacadh i ngairm ghrianghraf leis na healaíontóirí. Lena chois sin, rinneadh agallamh raidió dhá chuid le Culture File Lyric FM mar chuid den taispeántas agus áiríodh é san achoimre a rinne Frieze ar na Deich Seó is Fearr sa RA & in Éirinn in 2022.
  • Tharraing an suiteán amuigh faoin aer DREAMSPHERE le Aoife Dunne go leor cainte, sna meáin chlóite agus ar na meáin shóisialta freisin. Rinne The Evening Herald scéal mór as an saothar iontach físiúil seo, agus roghnaigh The Irish Examiner é mar ghrianghraf na seachtaine s’acusan. Bhí an suiteán faoi chaibidil ag roinnt foilseachán mór le rá amhail Cultúr RTÉ agus The Irish Times agus, go deimhin, rinne an dara dream scéal nuachta físeáin faoi. Bhí cad é bús ann faoin saothar ealaíne seo ar na meáin shóisialta agus is iomaí cuairteoir a rinne agus a roinn físeán faoi, go háirithe ar Instagram.
  • Seoladh Oícheanta san IMMA mar chuid de chlár Amuigh Faoin Aer an IMMA agus Scéim Geilleagair Oíche. Fuarthas tacaíocht chuige seo ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Ba dhíol suntas an tuairisciú a rinneadh air sna meáin chlóite, an Irish Mirror agus an Irish Times san áireamh. Agus é ina chomhartha go bhfuil tarraingt an phobail i gcoitinne ann in Amuigh Faoin Aer de chuid an IMMA, shocraigh an Irish Times ar ghrianghraf de rang ióga amuigh faoin aer de chuid an IMMA a fhoilsiú mar “Íomhá an Lae” s’acu.
  • D’éirigh go seoigh léi nuair a seoladh an chéad fhéile éici-ealaíne Earth Rising de chuid an IMMA, imeacht trí lá ar ar fhreastail 9,000 cuairteoir agus cuireadh fáilte mhór rompu.  Tarraingíodh aird ar éiceaphailliún na féile, Éirigh, nuair a roghnaíodh é mar ‘Íomhá an Lae’ san Irish Times agus, mar chuid den tuairisciú, foilsíodh in Totally Dublin agallamh le comhpháirtithe corparáideacha dár gcuid Lioncor.

  • Rinneadh léiriú de shaothar Amanda Coogan dar teideal Yellow mar chuid de thaispeántas Narrow Gate of the Here agus pléadh é ar an gclár ealaíon ar BBC Radio 4 chun ceiliúradh a dhéanamh ar an tsraith Ways of Seeing a bheith 50 bliain ar an bhfód.

  • Fuair clár IMMA Outdoors tacaíocht nach beag ó Fháilte Éireann i bhfoirm deiseanna margaíochta amhail feachtas raidió ilchainéalach i dTuaisceart Éireann agus chuir siad cuntas faoin gclár in áit fheiceálach ar leathanach baile a suíomh gréasáin a seoladh le déanaí.  De bharr an dhea-chaidrimh seo, tugadh cuireadh do bhall foirne ó rannóg Lucht Spéise an IMMA páirt a ghlacadh sa mheitheal Baile Átha Cliath sa Gheimhreadh mar ionadaí de na Forais Chultúir Náisiúnta.

  • Ba chuimsitheach agus ba nuálach an feachtas margaíochta a rinne an IMMA dá dtaispeántas ar fud an mhúsaeim, The Narrow Gate of the Here-and-Now.
  • Mar chuid den fheachtas seoladh ceithre thaispeántas fíorúla le cur ar chumas daoine ar fud na cruinne breathnú go fíorúil ar ghailearaithe an mhúsaeim den chéad uair agus iad ar líne.  Ina theannta sin, cuireadh mionchíoradh digiteach le chéile gach mí inar tarraingíodh aird ar thaispeántas ar leith agus lenar gcuireadh tairiscintí digiteacha saincheaptha amhail coinne Instagram Live Studio leis an ealaíontóir Alice Maher mar rogha eile le déanamh Lá San Vailintín.

  • Bhí cuma na maitheasa ar líon na ndaoine — 567,391 — a thug cuairt ar an IMMA in 2022, figiúr den scoth arb ionann é agus méadú 101% le hais 2021, bliain ina raibh an saol curtha bunoscionn ag an bpaindéim.  Níos suntasaí fós, i gcomparáid le líon na gcuairteoirí a tháinig roimh COVID in 2019, b’ionann líon na ndaoine a thug cuairt ar an IMMA in 2022 agus méadú 13%, méadú ina bhfuil téarnamh láidir agus treocht fáis suntasach le sonrú.  Is léir ón ngaisce seo a fheabhas a d’éirigh le cláir an IMMA go dtí seo mar spás poiblí radacach a bhfuil tarraingt luchta spéise ann atá ag éirí níos éagsúlaí an t-am ar fad.  Is follasach go háirithe an dúil mhór atá in Amuigh Faoin Aer an IMMA agus daoine nua á spreagadh aige chun plé leis i gcónaí.