Rannpháirtíocht & Foghlaim

Níor bheag na rudaí nuálacha a rinneadh faoi scáth chlár Plé & Foghlama an IMMA i rith 2022.

Ba ghnóthach agus ba bhisiúil an bhliain í 2022 don IMMA.  I measc na mbuaicphointí bhí an chéad fhéile bhliantúil Earth Rising a reáchtáladh sa mhúsaem i mí Dheireadh Fómhair, ócáid inar tháinig ealaíontóirí agus gníomhaithe ina sluaite chun an deireadh seachtaine a chaitheamh i mbun smaointeoireachta agus cruthaitheachta.  Thionóil an fhoireann Plé sraith díospóireachtaí idir cainteoirí clúiteacha idirnáisiúnta, lena n-áirítear eochairchaint le Alexandra Deschamps-Sonsino a rinne cás ar son a thábhachtaí agus atá an dearadh chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide. Ina teannta bhí Lucy Jones a chuir taighde eolaíoch nua i láthair ar a thábhachtaí agus atá sé dár sláinte agus dár bhfolláine dáimh a chothú leis an dúlra.  B’iontach an t-aiseolas a fuair lucht na féile ó ghnáthóirí imeachta agus ó rannpháirtithe agus cuirfear go leor dá smaointe san áireamh agus imeacht 2023 á phleanáil.

I mí na Samhna, d’óstáil IMMA comhdháil taighde idirnáisiúnta chun céad bliain ó bunaíodh Saorstát na hÉireann a chomóradh inar labhair breis agus 30 cainteoir agus plé á dhéanamh acu ar ról na healaíne agus na n-ealaíontóirí i múnlú na tíre i ndiaidh an 1 Chogaidh Dhomhanda.  Chuir an chomhdháil an obair seo i gcomhthéacs ina raibh aiséirí ar siúl ag na náisiúnstáit i dtréimhse ina raibh na gluaiseachtaí chun neamhspleáchas a bhaint amach faoi lánseol.  Le cois na ndaoine a bhí i láthair i bpearsa sa Lighthouse Cinema, bhí lucht féachana domhanda in ann freastal go fíorúil ar an imeacht a bhuí le craoladh ar ardchaighdeán.  Déanfar an idirghabháil taighde a fhorbairt roimh thaispeántas 2023 atá le cur ar siúl san Fhómhar.

A screenshot from what appears to be a broadcast of a conference. A white woman with brown hair, visible only from the waist up, wearing glasses and dressed in black, is standing at a podium talking into two microphones. She is smiling. Behind her the bottom of a large projector screen is visible. Overlaid in the top left are the words ‘CONFERENCE, 100 YEARS OF SELF-DETERMINATION, 9-12 NOV 2022’, and in the top right it reads ‘IMMA ÁRAS NUA-EALAÍNE NA hÉIREANN; IRISH MUSEUM OF MODERN ART’. In a blue box overlying the photograph on the bottom left is written: ‘Jessica Zychowicz, Self-Determination in Ukraine Today’.

Comhdháil Idirnáisiúnta um Thaighde 2022: 100 YEARS OF SELF-DETERMINATION

Agus maoiniú á fháil aige ó chiste Fís Eorpach an Aontais 2020, lean an tionscadal SPICE de chuid IMMA de shaoránaigh a spreagadh chun coimeádaíocht a dhéanamh iad féin agus dáimh á cothú acu le dreamanna éagsúla de ghrúpaí imeallaithe, imirceacha agus mionlaigh.  Chuir an tionscadal taispeántas ealaíne le daoine óga os comhair an phobail in ionad coinneála Bhaile an Oibricigh agus bhí sé ina chomh-óstach d’imeachtaí amhail Black & Irish, MASI [Gluaiseacht Iarrthóirí Tearmainn in Éirinn] agus, ArtMulti.  Mheall an tionscadal lucht spéise tábhachtach nua go dtí an músaem, go háirithe ó ghrúpaí mionlaigh ar bhealach nádúrtha faoi stiúir an phobail agus dhaingnigh sé caidreamh IMMA le grúpaí pobail, Fatima Groups United san áireamh.

B’iomaí caint a reáchtáil an IMMA i rith na bliana agus i measc na mbuaicphointí bhí More-than-human – Clár Raidió Cumaisc a comh-choimeádadh i gcomhar le Raidió Digiteach Bhaile Átha Cliath, oscailtí gailearaí déanach sa lá mar aon le himeachtaí istoíche sa Chlós, gan trácht ar chomhpháirtíocht cainteanna leis an Project Arts Centre chun an seimineár idirnáisiúnta an lá ar fad a chur i láthair: Téipeanna Faoin Leaba i mí na Samhna  Gach caint agus seimineár a reáchtáladh, rinneadh eagarthóireacht uirthi tar éis í a chraoladh agus cuireadh ar fáil don phobal ansin ar Soundcloud an IMMA.

A photograph of fourteen people standing with their backs to the camera facing a white woman dressed in grey and wearing a long yellow artist’s apron who is addressing them, her hands clasped and her expression focused. She is standing in front of what looks like her studio space, with a table and some books visible inside, and pictures hanging on the back wall. Two large, dark wooden doors are opened wide, and inner glass-paned doors are opened inwardly. On the right-hand door, under a sign reading ‘Clodagh Emoe’ with ‘a visible plot’ written in smaller letters above, four A4 information sheets are displayed in a row, their content indiscernible. The left-hand door also has a row of sheets; only two are visible.

Open Studio le Clodagh Emoe: Clodagh Emoe, IMMA Outdoors, A Radical Plot Open Studios, Deireadh Fómhair 2021.

Grianghraf le Louis Haugh

 

Maidir le Clár Cónaithe IMMA – Comhcheilg Radacach, ní raibh stad ná staonadh ann agus réimse leathan ealaíontóirí á n-óstáil ar bhealach ina dtéann a gcuid saothair chun tairbhe an mhúsaeim. Ar na daoine mór le rá a ghlac páirt in 2022 bhí The Wernicke’s Area le ANU, a bhí ar taispeáint sa Spás Tionscadail i mí Dheireadh Fómhair agus Seed STUDIO le Clodagh Emoe, a chuir sraith ócáidí i láthair le linn dheireadh seachtaine Earth Rising.

Bhain an Comharghrúpa Art Nomads leas as Stiúideo IMMA ar bhonn rialta chun imeacht a chur ar siúl do bhaill náisiúnta IMMA ina ndearnadh idirghabhálacha cruthaitheacha. Chaith Navine G Khan-Dossos agus Aoife Dunne seal linn mar ealaíontóirí cónaithe agus saothar ealaíne a bhainfeadh an anáil díot á ndéanamh acu le cur i gClós an IMMA. Bhí ríméad ar an IMMA, leis, cónaitheacht a shocrú leis an ealaíontóir/grianghrafadóir Suné Woods i i gcomhpháirt le Light Work. A bhuí leis an malartú seo bhí an IMMA in ann tairiscint don Ghradam Idirnáisiúnta Grianghrafadóireachta a mhéadú faoi dhó ach caoi a thabhairt do Jan McCullough obair le Light Work agus do Suné Woods obair leis an IMMA. I mí Mheán Fómhair ba chúis mhór ríméid don IMMA é fáilte a chur roimh ár gceathrú Scoláire Fulbright Jasmine Elizabeth Burns.

A photograph taken perhaps in a workshop or studio. Four large pieces of paper are hanging on a wall in a square formation, three of which are fully visible, with the one bottom right partially obscured by a white woman with long hair, wearing a mauve top, who is fixing the top right picture to the wall. Each page of paper has 16 small boxes on the left, in rows of 4, which seem to be colour or style tests, and an arched window-shape on the right. Each of the small boxes is labelled with a different word, including ‘grief’, ‘beauty’, ‘resilience’, and ‘patience’, and each is illustrated differently, and painted with different colours. Many of the words are the same between the 16 boxes of the 3 visible pictures on the wall, but each is illustrated differently, and each of the window shapes next to them contains a very different drawing made up of colours and patterns that clearly draw on each picture’s 16 boxes.

Kind Words Can Never Die Workshop: Navine G. Dossos, Kind Words Can Never Die Workshop 2022.

Grianghraf le Louis Haugh

I rith na bliana, chuaigh an IMMA i bpáirt le Stiúideo Ealaíne Dean, mol ildisciplíneach nua i gceartlár Lárchathair Bhaile Átha Cliath, chun stiúideo a chur ar fáil go bliantúil do cheithre chleachtas ealaíne – Thais Muniz, Brian Teeling, Salvatore Fullam agus Elayne Harrington.

I gcomhair Scoil Samhraidh IMMA 2022 roghnaíodh rannpháirtithe ó 22 tír agus orthu sin bhí ealaíontóirí, teoiricithe, agus oideoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta.  Ba é Féinchinntiúchán téama scoil samhraidh na bliana agus é mar chuid de chlár níos leithne gníomhaíochtaí bainteach le comhdháil taighde Féinchinntiúcháin an mhúsaeim a tharla i mí na Samhna.

Cuireadh tús le cuairteanna i bpearsa arís mar chuid de chlár Ealaín & Ag Dul in Aois de chuid an IMMA nuair a tugadh cuireadh do Mheitheal um Néaltrú na hÉireann agus do Líonra Feachtais do Chúramóirí Daoine a Bhfuil Néaltrú Orthu freastal ar an gcéad turas Azure i bpearsa a reáchtáladh ó bhí an phaindéim ann.  Lean an IMMA i mbun líonra a fhorbairt freisin de rannpháirtithe ar spéis leo an ealaín agus dul ina aois agus é mar óstach do Lá Sláinte agus Folláine Choláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn i mí na Bealtaine.

Ar deireadh, faoi scáth chlár Mhall-Ealaín an IMMA seoladh sraith de naoi bhfíseán le saothar ó thaispeántas Léiriú Cruthanta ar an bPobal Aiteach de chuid an IMMA a chur os comhair an phobail ar Lá na Mall-Ealaíne i mí Aibreáin.