IMMA Director, Annie Fletcher

Teachtaireacht ón Stiúrthóir IMMA

Níl aon amhras ann ach gur bliain den scoth í 2022 don IMMA inar cuireadh clár ar siúl a bhí ag cur thar maoil le cruthaitheacht nuálach.

Aon chuairteoir a thug cuairt ar an láthair anuraidh, ní fhéadfaidís gan súil a leagan ar an múrphictiúr éachtach i gcolúnraí an chlóis, coimisiún nua amuigh faoin ó lámh an ealaíontóra mór le rá Navine G. Dossus dar teideal Kind Words Never Die. Is suiteán é inar bhain an t-ealaíontóir leas as dathanna chun straidhn intinne an ghnáthdhuine a chur in iúl anois ó tá aird gach duine dínn ar athrú aeráide.  Cúis mór sásaimh is ea é cuairteoirí a fheiceáil ag fálróid thart trí na colúnraí agus sult á bhaint acu as an saothar ealaíne thar cionn seo atá ar taispeáint.

Tar éis míonna de phleanáil mhionchúiseach a dhéanamh, nach orainn a bhí an ríméad nuair a d’éirigh go seoigh leis an gcéad fhéile Earth Rising riamh in 2021. Ghlac breis agus seachtó ealaíontóir in éineacht le 9,000 cuairteoir páirt i bhféile trí lá ina raibh neart imeachtaí agus cainteanna ar siúl agus gur iomaí duine a bhuail lena chéile. I measc na nithe a mheall daoine bhí suiteán mór ailtireachta nua dar teideal Éirigh i gcroílár chlós stairiúil an IMMA agus is le tacaíocht ó Lioncor agus Ailtirí Reddy a cuireadh ar bun é.

Tuigimid go bhfuil an ghéarchéim aeráide ag luí go trom ar intinn ár lucht spéise agus is iomaí ealaíontóir a bhfuil machnamh á dhéanamh acu ar théamaí éiceolaíochta ina gcuid saothar ealaíne.  Mar sin de, feictear dúinn gur tráthúil an beart é cleachtóirí ó réimsí agus disciplíní éagsúla a thabhairt le chéile le tuairimí a roinnt agus plé a dhéanamh ar conas is féidir leis an bpobal cruthaitheach cur leis an ngluaiseacht chun athrú chun feabhais a dhéanamh.  Tá bród orainn a rá gur chuir Earth Rising 2022 tús le nós ina dtarlóidh a leithéid seo d”imeacht go bliantúil feasta.

Ar na taispeántais ba shuntasaí in 2022 bhí Xenogenesis leis an nGrúpa Otolith, comharghrúpa ealaíontóirí atá lonnaithe i Londain.  Chuir an taispeántas saothair scannánaíochta os comhair an phobail a rinne mionscagadh ar fhicsean tuairimeach le Octavia Butler ina ndéantar cíoradh ar théamaí a bhaineann le féiniúlacht, cine, agus an chaoi nach ann d’eispéiris áirithe ba dhual don duine a thuilleadh.  Fuair an taispeántas moladh mór ó na léirmheastóirí agus cuireadh san áireamh é san achoimre a rinne Frieze ar na Deich Seó is Fearr sa RA agus in Éirinn in 2022 agus bhí foilseachán mór nua ag gabháil leis..

Leanann clár Amuigh Faoin Aer an IMMA air ag dul ó neart go neart agus é ag teacht faoi bhláth sa chaoi is gur dlúth agus inneach phobal na háite anois é.  Le tacaíocht ónár máthair-Roinn, thugamar gné d’Oíche go Maidin isteach in 2022 inar seinneadh ceol beo gach oíche Déardaoin agus oíche Dé Aoine ó cheann ceann an tsamhraidh.  I mí Iúil, d’óstálamar Cóisir Samhraidh inar cuireadh deireadh seachtaine lán de cheol beo agus de léirithe ar siúl i láthair aoibhinn an chlóis agus é ag dul ó sholas.

A photograph of a group of people sitting and lying on grass can be seen through out-of-focus flowering shrubs in the foreground. They are looking to the viewer’s left, at a DJ behind a mixing desk under a black awning supported by metal poles, which has been set up under a tree. He is holding a microphone and wearing a cap, and his head is bowed so that his face can’t be made out. To the right of the tree there is a large speaker on the ground. A couple of balloons, one green and one yellow, can be seen in the background behind a hedge. To the right is a pale green wooden bench facing away from the camera, and through the bars of the back someone with rainbow coloured hair can be seen sitting on it.
IMMA Lasmuigh. Grianghraf le Molly Keane

I mí na Samhna bhí an IMMA mar óstach do chomhdháil taighde idirnáisiúnta mar chuid de Dheich mBliana na gComórthaí na hÉireann: 100 Bliain d’Fhéinchinntiúchán  Agus breis agus 30 cainteoir idirnáisiúnta i láthair, dhírigh an chomhdháil ar ról na healaíne agus na n-ealaíontóirí i múnlú shamhlaíocht an náisiúin i stáit a rinne aiséirí tar éis an Chéad Chogaidh Dhomhanda.  Na díospóireachtaí spreagúla a d’eascair ón gcomhdháil seo, beidh siad mar bhonn eolais faoi mhórthaispeántas a nochtfar i bhfómhar na bliana 2023.

Seoladh roinnt tionscnamh spleodrach eile in 2022.  Ar na tionscnaimh seo bhí Mol Cruthaitheachta Matheson, comórtas nuálach ailtireachta chun spás taitneamhach a dhearadh a chothóidh timpeallacht chuimsitheach fháilteach inar féidir plé cruthaitheach a dhéanamh ar bhealach ina mbeidh idir ealaíontóirí agus lucht spéis in ann sásamh a bhaint as.

A computer animation projected in a dark room, looks at first like wisps of smoke against a black background. It is in fact black and white image of figures flying around a central globe. A black reflective plinth or perhaps a container of water below mirrors some wisps of the projected image. In the bottom right corner, a light we cannot see picks out the corner of the plinth and a patch of floor, which looks blueish, while everything else is black. The piece is ‘Sovereign Sisters’ by the Otolith Group artist collective’s exhibition Xenogenesis.

Sovereign Sisters: Sovereign Sisters, 2014, mionsonraí, físeán HD 16:9. Aistríodh beochan ríomhaire go dubh agus bán, gan aon fhuaim, adhmad, gloine, athneartaithe, plaisteach, uisce íonaithe. Fad 3:47 nóiméad. Amharc suiteála An Grúpa Otolith: Xenogenesis, IMMA. 2022. Íomhá le caoinchead na n-ealaíontóirí agus IMMA, Baile Átha Cliath.

Grianghraf: Ros Kavanagh.

Idir an dá linn, leanadh le cur le Bailiúchán an IMMA i rith na bliana nuair a fuarthas saothair mór le rá amhail ‘Kind Words Never Die’ le Navine G. Dossus agus ‘Five Identities 2002 – 2022’ le Brian O’Doherty.

Is mór an phribhléid dom a bheith mar cheannaire ar fhoireann dhíograiseach mar seo agus gach ball foirne tar éis an treo uaillmhianach ata leagtha amach dúinn a ghlacadh chucu féin le fonn.  Ní fhéadfaí déanamh gan an fuinneamh cruthaitheach a chaith siad le teacht ar bhealaí nua agus nuálacha chun ealaín a chur os comhair an phobail agus chun aird a tharraingt ar a thábhachtaí is atá sí chun tuiscint a fháil ar an saol ina mairimid, chomh maith leis an todhchaí a bhfuil sé mar ardaidhm againn a bhaint amach.

A photographed section of one side of the IMMA’s courtyard, taken at an angle so that the right-hand side of the image is taken up by one arch of which only the left supporting pillar can be seen, and four diminishing arches are visible to the left. Through the arches, site specific paintings by Navine G. Dossos are visible on the colonnade wall. The installation is called ‘Kind Words Can Never Die’, and this view features a red background. Through the closest arch there is a white door with a stone doorstep and a pale blue semicircle painted over it, in a fanlight shape. There is an arched-shaped painting to the left of the door of two sets of three overlapping ovals, mirrored vertically to make a flower shape, with a circle drawn in the centre of each set. Each of the sections created by the overlaps is a different colour: yellow, green, red, and white on top, and peach, green, black, white, and two shades of blue on the bottom. The background is mottled dark blue. Through the second arch is a white window with a purple semi-circle above, and an orange semi-circle below. It’s edged at the side in green. Beneath the window are two narrow benches with arms and backs. The third arch reveals another, similar white door with a dark green fanlight painted above. The angle of the image means that the viewer cannot see through the remaining two arches.

KWCND: Radharc suiteála de Kind Words Can Never Die le Navine G.Dossos. Grianghraf le Yiannis Hadjiaslanis

Ní fheadfaimis déanamh gan an tacaíocht a fuaireamar ón mBord ach an oiread, agus ba chabhair mhór é an dúthracht dhiongbháilte a chaitheann siad lenár misean ar bhealach a chuireann dlús fúinn. Tá an t-ádh orainn, leis, comhpháirtí leithéid Oifig na nOibreacha Poiblí a bheith againn agus sinn ag obair as lámha a chéile chun spás a chruthú ina dtagann áilleacht stairiúil ár bhfoirgneamh le chéile le hábharthacht chomhaimseartha na healaíne agus ról an mhúsaeim ealaíne nua-aimseartha.

Lena chois sin, cá mbeimis gan ár máthair-Roinn agus iad ar an gcomhpháirtí is tábhachtaí dá bhfuil againn. Ba ríthábhachtach an treoir agus an tacaíocht a fuaireamar uathu chun ár bhfís a fhíorú.  Ag féachaint chun cinn go 2023, tá clár iomlán taispeántas curtha le chéile againn agus beidh ár straitéis nua á seoladh againn.  Cuirfidh sé seo ár naisc dhomhanda i lár an aonaigh agus tarraingeoidh sé aird ar ár bpleananna taighde nuálacha, an dúthracht a chaithimid le plé radacach a dhéanamh leis an bpobal, agus ár n-uaillmhian a bheith ina chúis le hathrú chun feabhais.

Annie Fletcher
Stiúrthóir