Brollach an Chathaoirligh
Is minic nach léir dúinn an t-athrú mór atá tagtha ar chúrsaí go dtí go bhfuil deis againn féachaint siar. Ó mo thaobhsa agus ó thaobh an Bhoird de, tá an chosúlacht ar 2022 anois gur bhliain í inar eascair neart nuálaíochta as an aistriú.
Chaith an Bord cuid mhaith ama in 2022 ag cur is ag cúiteamh faoin straitéis is fearr don Mhúsaem amach anseo. Ba thráthúil an plé seo agus Annie Fletcher i gceannas le trí bliana anuas, gan trácht ar sinn a bheith fós ag teacht chugainn féin tar éis don choróinvíreas stop a chur lenár gcuid gnáthoibríochtaí, agus an IMMA ag baint triail as cineálacha cláir nua. Is é rud a tháinig as an bplé faoin straitéis ná ceithre phríomhcholún taca don straitéis i leith na mblianta amach romhainn. De réir na bprionsabal féin-sainmhínithe seo is Mol Domhanda é an IMMA a fhónfaidh mar Lárionad um Thaighde agus Nuálaíocht agus é mar Áit atá Radacach ina Tuiscint ar Cad is Spás Oscailte Don Phobal Ann, agus mar Eagraíocht a Spreagann Athrú Chun Feabhais. Tá an-sceitimíní ar an mBord i dtaobh na straitéise nua atá le cur i bhfeidhm go hiomlán ar bhonn céimneach in 2023.
Tháinig roinnt tionscnamh nua ar an bhfód i rith na bliana a bhfuil súil againn go mbeidh siad ina ndlúthchuid de chláir an IMMA roimh i bhfad. I mí Dheireadh Fómhair, d”fhreastail 9,000 cuairteoir ar an gcéad fhéile éiceolaíochta dár reáchtáladh riamh ar an láthair, Earth Rising. B’ócáid idirdhisciplíneach í seo ar ar fhreastail ealaíontóirí, ailtirí, dearthóirí, lucht agóide, údair, agus taibheoirí agus iad ar a ndícheall ag iarraidh meon cruthaitheach a chothú i leith na ndúshlán timpeallachta atá romhainn. Ghlac an IMMA ról ceannasach, leis, i dtionscnamh de chuid an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche a raibh sé mar aidhm aige cláir a chur ar siúl istoíche inár láthair cháiliúil.
Tháinig méadú ar líon na ndaoine a thug cuairt ar an IMMA in 2022 agus ardú 13% ar líon na gcuairteoirí le hais 2019. Táimid cinnte de gurb é an clár spreagúil faoi dhíon agus amuigh faoin aer is cúis leis an borradh atá tagtha ar líon na ndaoine a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí ilghnéitheacha an IMMA. Tháinig ann don fheabhsú seo ag am nach raibh an oiread sin cuairteoirí ó thar lear ag tabhairt cuairt ar Éirinn. I dtaca lenár bpleananna don bhliain amach romhainn, tá sé i gceist againn cur leis an rath seo agus leanúint d’fháilte chaoin a chur roimh dhaoine den phobal a thagann chuig ár dteach aoibhinn.
Chuir an IMMA tús le comhfhiontar nua leis an gcomhlacht dlíodóirí Éireannach, Matheson LLP, in 2022 chun an Mol Cruthaitheachta Matheson a chur ar bun. Is éard atá sa chomhoibriú seo ná na seomraí Spásanna Tionscadail san IMMA a athdhearadh agus athearraíocht a bhaint astu. Déantar é i gcomhar le Matheson LLP i gcuimhne ar Iar-Chathaoirleach dá gcuid a bhí ina Chomhalta Boird IMMA tráth agus gur mór an chailliúint é: is é sin, Tim Scanlon, a fuair bás, faraor, in 2020. Is cuid de mhórthionscadal atá á fhabhrú le fada an lá an tionscadal seo a fhéachann le fáiltiú agus spásanna poiblí an IMMA a athshamhlú ar bhealach a bhaineann leas as scoth na smaointeoireachta ailtireachta agus dearaidh agus é d’uaillmhian aige áit éagsúil, chuimsitheach agus thaitneamhach a dhéanamh as na spásanna seo. Is iad Foireann Plé agus Foghlama an IMMA, grúpaí pobail, comhpháirtithe cruthaitheachta, agus ealaíontóirí a bhainfidh leas as an Mol nua.
In 2022, d’fhág lucht an IMMA slán le seanchara dá gcuid, Kevin Lonergan, a bhí ag obair lenár máthair-Roinn. Bhí an dúspéis ag Kevin i gcúrsaí ealaíne agus bhí sé go mór ar son an IMMA. Tháinig Deirdre Mahony ina áit agus, de bharr í a bheith chomh spreagúil dearfach sin, chuaigh sí i gcion orainn láithreach. Le blianta beaga anuas bhí an Roinn an-fhial go deo agus maoiniú á thabhairt acu chun saothar ealaíne comhaimseartha a cheannach do Bhailiúchán an IMMA. Chuir siad leis an ngealltanas sin arís le déanaí nuair a thug siad deontas de €850,000 in 2022.
IMMA Eco Arts:
Éirigh Eco Pavilion at the Earth Rising Eco Art Festival, 2022.
Bhí ról ríthábhachtach ag Annie Fletcher agus a foireann maidir le fís nua a cheapadh do IMMA amach anseo. Níor bheag an t-athrú a tharla go hinmheánach, leis, nuair a d’fhágamar slán le Helen O’Donoghue, Ceannasaí Plé agus Foghlama, a chuaigh ar scor tar éis di breis agus 30 bliain a chaitheamh mar cheannaire spreagúil ag an IMMA. D’imigh Rachel Thomas, Ceannasaí Taispeántas, freisin chun dul i mbun post nua iontach mar phríomhchoimeádaí ag Dánlann Hayward i Londain. Is mór againn i gcónaí obair le daoine atá chomh tugtha sin dá gcuid oibre agus é de nós acu dul ina bun le fonn, treallús agus le samhlaíocht. Bíonn síorfhorbairt á déanamh ar chlár na dtaispeántas, na n-imeachtaí amuigh faoin aer agus ar an bplé a dhéantar leis an bpobal agus cad é bús ann aon uair a fhógraítear clár nua.
Is mór againn Oifig na nOibreacha Poiblí agus iad mar chomhpháirtithe iontaofa againn i bhfeidhmiú na láithreach. Agus Rosemary Collier ina ceannaire nua orthu, tá na baill foirne ag obair i ndlúthchomhar leis an IMMA chun pleananna nua a thabhairt i gcrann le hinfheistíocht chaipitil a dhéanamh sna foirgnimh stairiúla ar an láthair. Coinnítear na tailte i ndea-chaoi le gur féidir le pobal na háite taitneamh a bhaint astu agus bíonn tarraingt mhór ag turasóirí chuig Baile Átha Cliath ar na gairdíní foirmiúla.
Forerunner: Forerunner, Y O U N G F O S S I L, 2021. Radhairc suiteála na saothar ealaíne athchéimnithe do IMMA Outdoors 2022. Struchtúir Suíocháin – adhmad, cruach, min sáibh, fuil dragan, roisín, páipéar, fabraic. Arna choimisiúnú ag IMMA le haghaidh IMMA Outdoors 2021. Tacaithe ag Ciste Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí. Arna chur i láthair le tacaíocht cineálta OPW. Grianghraf Louis Haugh.
Ar deireadh, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na daoine atá ar aon Bhord liom as ucht obair na gcapall a dhéanamh ó thús deireadh 2022. Táimid ag súil go mór le fáilte a chur roimh na daoine nua a bheidh mar leathbhádóirí againn ar an mBord in 2023, cé go bhfuil smut den bhrón orainn fós tar éis slán a fhágáil le Jane Dillon-Byrne in 2022. Bhí Jane ina comhalta den Bhord ó 2014 i leith. Bhí sí ina cathaoirleach ar Bhailiúcháin & Éadálacha le roinnt blianta agus ba dhíograiseach agus ba chríonna an comhghleacaí í. Guímid gach rath uirthi ar dhul ar scor di.
Beidh an IMMA níos uaillmhianaí fós in 2023 agus an straitéis nua seo á seoladh go poiblí mar aon le taispeántais a chuirfidh fonn agus flosc ar dhaoine, tionscnaimh nua foghlama, rannpháirtíochta agus taighde maidir leis na bailiúcháin agus an chartlann, gan trácht ar neart imeachtaí faoin aer, Earth Rising san áireamh. Tá súil agam go dtiocfaidh i bhfad níos mó daoine chuig an IMMA i rith na bliana seo chun taitneamh a bhaint as cultúr comhaimseartha na hÉireann.
David Harvey
Cathaoirleach