TUARASCÁIL AN STIÚRTHÓRA


Cuireann na Stiúrthóirí a dtuarascáil bhliantúil i láthair mar aon leis na ráitis airgeadais iniúchta don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2022.

PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHT

Is é príomhghnó na Cuideachta ná bainistíocht agus forbairt Áras Nua-Ealaíne na hÉireann ag an Ospidéal Ríoga Cill Mhaighneann agus an tOspidéal Ríoga Cill Mhaighneann agus a thalamh a chur chun cinn mar ionad mór cultúrtha agus ealaíonta, atá inrochtana don phobal.

RÁITIS MAIDIR LE DUALGAIS STIÚRTHÓIRÍ DON BHLIAIN DAR CRÍOCH 31 NOLLAIG 2022.

Éilíonn dlí cuideachtaí na hÉireann go ndéanann na stiúrthóirí ráitis airgeadais a ullmhú do gach bliain airgeadais. Faoin dlí sin roghnaigh na stiúrthóirí go n-ullmhófaí na ráitis airgeadais i gcomhar le FRS102. De réir an dlí, níor chóir do stiúrthóirí ráitis airgeadais a fhormheas seachas má tá siad sásta go dtugtar radharc fíor agus cóir ar shócmhainní, dliteanais agus staid airgeadais na cuideachta ag deireadh na bliana airgeadais agus de bhrabús nó caillteanas na cuideachta don bhliain airgeadais agus taobh amuigh de sin Acht na gCuideachtaí, 2014 a chomhlíonadh.

Agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú, ní mór do stiúrthóirí na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • beartais chuntasaíochta chuí a roghnú do ráitis airgeadais na cuideachta agus iad a chur i bhfeidhm go seasta;
  • breithiúnais agus meastacháin chuntasaíochta a dhéanamh atá réasúnta agus stuama
  • a rá más rud é go raibh ráitis airgeadais ullmhaithe i gcomhar le caighdeáin chuntasaíochta chuí, na caighdeáin sin a aithint, agus nóta a dhéanamh ar an tionchar agus na cúiseanna d’aon imeacht ábhartha ó na caighdeáin sin, agus
  • ráitis airgeadais a ullmhú ar an mbonn gnóthais leanúnach seachas más míchuí glacadh leis go leanfaidh an chuideachta ar aghaidh sa ghnó.

Tá na stiúrthóirí freagrach as deimhin a dhéanamh de go gcoimeádann nó cúiseanna le coimeád taifid cuntasaíochta sásúla a dhéanann míniú agus taifead cruinn ar idirbhearta na cuideachta, na sócmhainní a chumasú ag aon am, dliteanais, staid airgeadais agus brabús nó caillteanas na cuideachta atá le socrú le cruinneas réasúnta, iad a chumasú lena chinntiú go bhfuil gach nochtadh san áireamh sna ráitis airgeadais agus i dtuarascáil na stiúrthóirí faoi Acht na gCuideachtaí, 2014 agus iniúchadh a dhéanamh ar na ráitis airgeadais a chumasú. Tá siad freagrach freisin as ráthaíocht sócmhainní na Cuideachta agus dá réir sin céimeanna réasúnta a thógáil do chosaint agus brath calaoise agus mírialtachtaí eile.

TAIFEAD CUNTASAÍOCHTA

Is ionann na beartais a ghlac na stiúrthóirí le comhlíontacht a chinntiú maidir le ceanglais Alt 281 go 285 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, maidir le taifid cuntasaíochta sásúla agus cur i bhfeidhm beartais agus nósanna imeachta riachtanacha chun idirbhearta a thaifeadadh, earcaíocht pearsanra cumasacha cuntasaíochta a bhfuil saineolas cuí acu agus soláthar acmhainní sásúla don fheidhm airgeadais. Coimeádtar taifid airgeadais na cuideachta ag an Ospidéal Ríoga Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath 8. Tá na stiúrthóirí freagrach freisin as ráthaíocht sócmhainní na Cuideachta agus as céimeanna réasúnta a thógáil do chosaint agus brath calaoise agus mírialtachtaí eile.

TORTHAÍ

Leagtar amach sonraí maidir le torthaí na bliana agus staid airgeadais ag deireadh na bliana ar Leathanaigh 11 – 32.

ATHBHREITHNIÚ GNÓ AGUS FORBAIRTÍ AMACH ANSEO

Bhí an staid airgeadais ag deireadh na bliana sásúil. Braitheann leibhéil gníomhaíochta sa todhchaí ar Dheontas an Oireachtais a leithdháilfear don Mhúsaem, áfach. Cuireann na stiúrthóirí san áireamh gur radharc fíor agus cóir iad na ráitis airgeadais a chuireann Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i láthair ar an bhfeidhmíocht airgeadais agus staid airgeadais IMMA ag 31 Nollaig 2022.

PRÍOMHRIOSCAÍ AGUS ÉIGINNTEACHTAÍ

Tá freagracht ag na stiúrthóirí ar na rioscaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla agus tá siad feasach fúthu freisin. Tá siad muiníneach go soláthraíonn na córais shásúla rialú inmheánach teanntás réasúnta i gcoinne rioscaí dá leithéid agus tá sé mar aidhm comhlíontacht a chinntiú le dlíthe agus beartais, úsáid éifeachtúil agus éifeachtach acmhainní na Cuideachta a chinntiú, ráthaíocht a dhéanamh ar shócmhainní na Cuideachta, agus ionracas na faisnéise airgeadais a choinneáil.

Tá aird ar leith á tabhairt don chomhshaol bhoilscitheach a tháinig chun cinn sa bhliain 2022. Déanann an Feidhmeannach rioscaí agus rialuithe a mheas go leanúnach agus ardaítear don Bhord iad nuair is cuí. Tá faisnéis airgeadais faoi réir athbhreithniú sonrach agus rialta ag leibhéil an stiúrthóra agus monatóireacht leanúnach oibríochtaí agus stádas airgeadais na Cuideachta á chumasú. Déanann na stiúrthóirí monatóireacht agus pleanáil leanúnach ar inbhuanaitheacht airgeadais na heagraíochta i dtimpeallacht maoinithe atá de shíor ag athrú. Mar aon le cur i bhfeidhm nósanna imeachta inmheánacha tá an Chuideachta faoi réir iniúchadh reachtúil seachtrach. Tá nósanna imeachta agus cleachtaí forbartha ag an gCuideachta ar fud na heagraíochta chun comhlíontacht a chinntiú maidir le rialacha rialacháin tuarascála. Leanfaidh an Chuideachta leis na córais seo a fheabhsú lena gcinntítear go ndéantar na caighdeáin trédhearcachta agus cuntasaíochta is airde a choinneáil.

IMEACHTAÍ I NDIAIDH AN DÁTA TUARASCÁLA

Chuir Bord an IMMA tionchar ar an eagraíocht san áireamh maidir le himeachtaí tar éis an dáta tuarascála, go háirithe an t-ardú boilsciú ginearálta a dealraítear a leanfaidh isteach sa bhliain 2023. Cuirfear na himeachtaí a thit amach tar éis an dáta tuarascála san áireamh i Nóta 22. Is féidir teacht ar thionchar na n-imeachtaí seo ar an mbonn gnóthais leanúnach de Ráitis Airgeadais i Nóta 1.d.

STIÚRTHÓIRÍ

Leagtar amach comhaltas an bhoird ar leathanach 3

NOCHTADH FAISNÉISE D’INIÚCHÓIRÍ

I gcás na ndaoine ar stiúrthóirí iad ag dáta faofa na tuarascála seo, i gcomhréir le hAlt 330 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, tá faisnéis iniúchta ábhartha a bhfuil iniúchóir na Cuideachta aineolach faoi. Ghlac na Stiúrthóirí na céimeanna riachtanacha ar fad mar stiúrthóirí chun iad féin a chur ar an eolas maidir le haon fhaisnéis iniúchta ábhartha agus chun deimhniú go bhfuil iniúchóir na Cuideachta feasach faoin bhfaisnéis sin.

INIÚCHÓIRÍ

Tá an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste freagrach as iniúchadh na Cuideachta i gcomhréir le hAlt 5 d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993.

RÁITEAS SÁBHÁILTEACHTA

Tá ráiteas sábháilteachta ullmhaithe ag an gCuideachta i gcomhréir leis an Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005 agus baineann sé le gach suíomh oibre.

RIALACHAS

Is Comhlacht Poiblí agus Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta é an IMMA. Mar sin, caithfidh sé cloí le dlí rialaitheach Phoblacht na hÉireann agus dlíthe agus rialacháin uileghabhálacha cuí an AE agus iad a chomhlíonadh, lena n-áirítear comhlíontacht le hAcht na gCuideachtaí 2014. Ceapann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán Stiúrthóirí an Bhoird. Tá comhfhreagracht ag an mBord maidir le rathúlacht agus inbhuanaitheacht fadtréimhseach IMMA a chur chun cinn. Tá rialú gnó na heagraíochta agus cuidiú leis an IMMA a fhís agus a mhisean a bhaint amach mar chuid de phríomhróil an Bhoird. Tugann an Bord comhairle straitéiseach don Stiúrthóir agus Bainistíocht Shinsearach agus déanann sé monatóireacht ar ghníomhaíochtaí agus éifeachtacht na heagraíochta.

Leagtar amach obair agus dualgais an Bhoird i gCreat Rialacháin Corparáideach IMMA. Is iad seo a leanas cúrsaí a phléitear ag Cruinnithe an Bhoird:

  • Tuarascáil Stiúrthóir an Mhúsaem
  • Cuntais Bhainistíochta agus cúrsaí Airgeadais
  • saincheisteanna Rialachais Chorparáideach
  • Príomhrioscaí agus Éiginnteachtaí

Tá na Stiúrthóirí freagrach as Tuarascáil na Stiúrthóirí agus na Ráitis Airgeadais a ullmhú i gcomhréir le dlí agus rialacháin na hÉireann. Caithfidh an Bord, i gcibé leagan amach a iarrfaidh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán le cead ón Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, cuntais chearta agus iondúla a choimeád d’airgead a fuarthas agus a caitheadh. Déanann na Stiúrthóirí an buiséad bliantúil a fhormheas, agus ar bhonn bliantúil, déantar athbhreithniú ar fheidhmíocht na cuideachta le tagairt don bhuiséad seo.

Nochta arna n-éilítear ón gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú (2016)

Éilítear na nochtadh seo a leanas ón gCód Cleachtais:

  • Sochair Fostaithe Gearrthréimhseacha – Féach Nóta 10 do na Ráitis Airgeadais
  • Costais Sainchomhairleoireachta – Sonraithe i Nóta 7
  • Costais Dhlíthiúla – Sonraithe i Nóta 7
  • Costais taistil – sonraítear taisteal baile, taisteal idirnáisiúnta agus Speansais Boird i Nóta 7
  • Caiteachais Fáilteachais – Sonraithe i Nóta 7

FO-CHOISTÍ

Bhí dhá Choiste a bhunaigh an Bord ag feidhmiú le linn na bliana airgeadais.
Bhunaigh an Bord an Coiste um Airgeadas, Iniúchóireacht agus Riosca mar neamhspleách agus oibiachtúil chun maoirseacht a dhéanamh ar inbhuanaitheacht na gcóras rialaithe inmheánacha ag IMMA agus na socruithe bainistíochta riosca atá i bhfeidhm. I measc na saincheisteanna ar ghá tuarascáil a dhéanamh orthu, arna sonraítear sa Chód Cleachtais, tá saincheisteanna Rialachais, Tuarascáil Airgeadais, agus cáilíocht iniúchadh inmheánach agus seachtrach.

Bhunaigh an Bord an Coiste um Bailiúcháin agus Éadálacha chun maoirseacht a dhéanamh ar Bhailiúchán Ealaín Chomhaimseartha an Mhúsaem. Is iad seo a leanas freagrachtaí an choiste: Athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais bainistíochta bailiúcháin an Mhúsaem agus iad a chothabháil, maoirseacht agus tuarascáil a dhéanamh ar bhainistíocht bailiúcháin an Mhúsaem, agus éadálacha do bhailiúchán an Mhúsaem a fhormheas.

Tá Téarmaí Tagartha ag na coistí atá faofa ag an mBord agus cuirtear tuarascálacha bliantúla i láthair don Bhord.

MEASTÓIREACHT FEIDHMÍOCHTA AN BHOIRD

AChomhlíon cuideachtaí iomlán an Bhoird ceistneoir sonrach féin-mheastóireachta bunaithe ar a bhfuil sa Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú i mí Eanáir 2023. Rinneadh na freagraí a thiomsú agus rinne an Bord athbhreithniú orthu i mí Feabhra 2023.

RÁITEAS UM CHOMHLÍONADH

Ghlac an Bord leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú (2016) agus tá nósanna imeachta i bhfeidhm le comhlíontacht leis an gCód a chinntiú. Bhí an IMMA i gcomhlíonadh iomlán leis an gCód Cleachtais don bhliain 2022. Tá an IMMA comhlíontach freisin maidir leis na ceanglais a bhaineann leis an gCód Rialachais do Charthanais.

Ar son an Bhoird

David Harvey

Stiúrthóir

Margot Lyons

Stiúrthóir

30 Bealtaine 2023