IMMA Lasmuigh Faoin Aer

Ba í 2022 an tríú bliain ó tháinig Amuigh Faoin Aer an IMMA ar an bhfód agus Oícheanta san IMMA faoina scáth. Fuarthas maoiniú dó ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Mhair Amuigh Faoin Aer an IMMA ar feadh fiche seachtaine agus ceol beo sa Chlós agus neart imeachtaí ealaíne ar siúl lena linn.

This is a photograph of a yoga or exercise class taking place on a sunny day in the Formal Garden at IMMA. Five white women reaching towards the sky, lunging with their front legs, face their teacher, also a white woman. They stand on yoga mats in warrior position. The lawn they are on is surrounded by a low box-hedge with alternating conical bushes and round topiary bushes just inside it. Some of the bushes have black and white geometric shapes on top of them. In the background, the classical double stone staircase leads to one of IMMA’s terraces, part of which is obscured on the left by a hoarding covered in similar black and white geometric patterns. We can see the base of the clock tower rising into a hazy blue sky.

Ba dhlúthchuid de straitéis an mhúsaeim éirí ina spás cuimsitheach agus oscailte ar bhonn radacach do chách é Amuigh Faoin Aer an IMMA.  Faoin gclár reáchtáladh 179 imeacht ar feadh tréimhse cúig mhí agus chuathas i bpáirt le tionscnaimh chultúrtha agus phobail eile, le grúpaí ealaíontóirí agus le heagraíochtaí leithéidí Bealtaine, Common Ground, Fóram Criticiúil Bhaile Átha Cliath de chuid Lux, Big Bang Festival of Rhythm, Teach Foilsitheoireachta Lilliput, Raidió Digiteach Bhaile Átha Cliath, Lárionad Complex, grúpaí pobail SPICE, MASI, B+I agus ART Multi le go mbeadh raidhse gníomhaíochtaí oíche ar an láthair.

Faoi scáth Amuigh Faoin Aer an IMMA cuireadh réimse leathan de ghníomhaíochtaí lae agus oíche ar siúl amhail ióga amuigh faoin aer, ceardlanna ealaíne, turais thart ar an gciúb glas agus turais ó gheata go geata.  Aon duine a d’fhreastail ar cheardlann ealaíne fuair siad deis péintéireacht ola, líníocht, monaiphriontáil, portráidíocht, ceardaíocht, deisiú agus neart eile a fhoghlaim agus a chleachtadh.  Cuireadh ceardlanna rince agus cniotála ar siúl mar chuid den imeacht, leis, le go bhféadfaí freastal ar lucht spéise chomh héagsúil agus is féidir.

Agus é mar sméar mhullaigh ar chlár na hOíche Cultúir, b’uathúil agus ba thumthach an t-eispéireas a chuir Night Shift le Liliane Puthod roimh chuairteoirí.  Is éard a bhí san imeacht ná turas a thabhairt timpeall na dtailte ar thraein thar tír a thug na paisinéirí ar thuras trí thírdhreach ina raibh neart ama acu lán na súl a bhaint as áiteanna a bhfuil go leor staire ag baint leo agus as saothair ón mBailiúchán. É sin a dhéanamh agus tarlúintí diamhaire ag cur drithlíní faitís lena ndroim feadh na slí.

Cuireadh Cóisir Samhraidh an IMMA ar siúl arís i mí Iúil agus Continuous Pattern mar theideal aici an uair seo. Imeacht dhá oíche a bhí i gceist inar ceiliúradh ceol, ealaín, agus atmaisféar.  B’iomaí ceoltóir a sheinn ag an imeacht, lena n-áirítear Jar Jar Jr., Negro Impacto & Efe, Glasshouse, Aoife Nessa Frances, Djanna R Kitt, Aoife Wolf, O Deer, Ukulele Collective, Stomptown Brass, agus léirithe ó phríomhaíonna amhail Ye Vagabonds, Gareth Quinn Redmond, Landless mar aon le seiteanna DJ ó dhaoine atá gníomhach i saol ceoil Bhaile Átha Cliath le fada an lá, pearsana raidió leithéidí Claire Beck, Donal Dineen, Emmy Shigeta agus criú Desert Island Disco.  Mealladh 2,000 duine beagnach chuig an imeacht a reáchtáladh sa chlós maorga, iad ag baint taitneamh as teas na gréine agus í ag dul faoi.